Seaghan Mac an tSionnaigh
Is aistritheoir, ceoltóir, scríbhneoir, agus gníomhaí teanga Éireannach é Seaghan Mac an tSionnaigh. As Deisceart Chill Chainnigh é ó dhúchas, ach tá sealanna cónaí caite aige i Luimneach, i mBaile Átha Cliath, i gCorca Dhuibhne agus i mBéal Feirste. Lasmuigh d'Éirinn, tá cónaí déanta aige i gCeanada[1], sna Stáit Aontaithe[2] agus sa tSualainn[3], tíortha ar bhog sé chucu d'fhonn Gaeilge a mhúineadh in institiúidí ollscoile iontu. Sa bhliain 2020 d'fhág sé a phost mar léachtóir sinsearach le teangacha Ceilteacha in Ollscoil Uppsala agus tá cónaí anois air sa Bhruiséil mar a n-oibríonn sé don Choimisiún Eorpach.
Bhain sé amach céim dochtúra ó Choláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach, sa bhliain 2017 i ngeall ar thráchtas P.h.D. a scríobh sé faoi sheanchaí ó Chorca Dhuibhne darbh ainm Seán Mac Criomhthain[4]. Tá míreanna éagsúla le Seaghan foilsithe in Comhar[5], Misneach[6], Feasta[7], Nós[8], tuairisc.ie[9], Meon Eile[10], san Irish Times[11] agus sa Dublin Review of Books[12]. Le gnéithe éagsúla de chultúr na Gaeilge a bhíonn sé ag plé agus tá a chuid saothar acadúil foilsithe in irisleabhair phiarmheasta idirnáisiúnta, as Béarla, as Gaeilge, agus as Fraincis[13][14][15][16].
Tá dhá leabhar curtha amach aige mar gheall ar an bhfoclóirí Luimníoch T. O'Neill Lane; ceann as Gaeilge, le Coiscéim[17], agus ceann as Béarla, ar fhéinfhoilsigh sé é[18]. Rinne sé comhdháil Meanmanra a bhunú i bpáirt lena chara, Oisín Uíbh Eachach, agus sprioc acu téarmaíocht na Gaeilge a aclú don phlé fealsúnach. Dhá chnuasach aistí faoi eagarthóireacht na beirte a tháinig ar an saol de thoradh na comhdhála seo[19]. Ní hannamh Seaghan i mbun caint phoiblí a thabhairt ach an oiread[20][21] agus bíonn sé le cloisteáil mar aoi ar chláracha sna meáin Ghaeilge go minic[22].
Mar le tograí cruthaitheacha de, tá roinnt dá chuid filíochta curtha i gcló in Poetry Ireland Review. Tá baint aige le ceol úrnua as Gaeilge a chur chun cinn freisin, agus bíonn a iarrachtaí féin sa réimse seo á gcur ar fáil aige ar a chaineál YouTube[23]. Bíonn sé i mbun comhoibriú le healaíontóirí eile chomh maith, faoi mar a fheictear sa chaimeo a bhí aige san fhísean a ghabhann le dán de chuid Chiara Ní É dar teideal 'Dán Crá'[24], físeán dar chum sé an ceol olldoird a chloistear ann.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Seaghan Mac an tSionnaigh" (en-US). Ireland Canada University Foundation (2012-12-03). Dáta rochtana: 2020-10-26.
- ↑ "Seaghan Mac an tSionnaigh" (en-US). Fulbright. Dáta rochtana: 2020-10-26.
- ↑ "https://twitter.com/keltiska/status/1258689359261380608" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2020-10-26.
- ↑ "Seaghan Mac an tSionnaigh | European Commission - Academia.edu". euopa.academia.edu. Dáta rochtana: 2020-10-25.
- ↑ 47 Sráid Harrington Baile Átha Cliath 8 Éire Teil: +3531 675 1922. "Seaghan Mac an tSionnaigh" (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2020-10-25.
- ↑ "March 29, 2020 – Misneach" (en-US). Dáta rochtana: 2020-10-25.
- ↑ "Feasta - clár". www.feasta.ie. Dáta rochtana: 2020-10-25.
- ↑ Seaghan Mac An tSionnaigh. "Leithghabháil Chultúrtha: Cá bhfuil an líne?" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-10-25.
- ↑ "Seaghan Mac an tSionnaigh –" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-25.
- ↑ "Polarú na polaitíochta agus a thionchar < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2020-10-26.
- ↑ "The Gael Becomes Irish: the prospects for the Irish language in Ireland today" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-10-25.
- ↑ "Foclóir or Folklore?". www.drb.ie. Dáta rochtana: 2020-10-25.
- ↑ "“The Vocative Case on People’s Mouths”: The Irish Folklore Commission and Illiterate Linguistics – Estudios Irlandeses" (es). Dáta rochtana: 2020-10-25.
- ↑ Seaghan Mac an tSionnaigh (2017-11-29). "“Un nouveau dictionnaire anglais-irlandais” : léirmheas Francach ar fhoclóir Éireannach" (in ga). Études irlandaises (42-2): 37–46. doi: . ISSN 0183-973X.
- ↑ "[http://www.lambert-lucas.com/wp-content/uploads/2018/12/tdm_ale%CC%81n_garabato.pdf interventions sociolinguistiques chez des activistes irlandais]".
- ↑ Seaghan Mac an tSionnaigh (2019). "Seán Mac Criomhthain (1875–1955),Seanchaí Duibhneach" (2019):30–44 (Béascna).
- ↑ "Focail & Foclóireacht T. Ó Neill Lane le Seaghan Mac an tSionnaigh". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2020-10-25.
- ↑ Seaghan Mac an tSionnaigh (2015). "The West Limerick Man Who Wrote a Dictionary: T. O'Neill Lane" (in en). Lulu.com.
- ↑ "Meanmanra - An tSíceolaíocht & an Fealsúnacht le". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2020-10-25.
- ↑ "The vocative case on people's mouths: the Irish Folklore Commission and illiterate linguistics".
- ↑ "The Songs and Spoken Word of Irish-speaking Ireland".
- ↑ "RTÉ Radio Player". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-10-26.
- ↑ "Agus Dúrt Léi".
- ↑ "FÍSDÁN: Dán Crá | Ciara Ní É | REIC - YouTube". www.youtube.com. Dáta rochtana: 2020-10-26.