Nós

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nos logo.jpg

Is iris chomhaimseartha Ghaeilge í NÓS a chlúdaíonn ceol, scannáin, taisteal, cúrsaí reatha, dearadh agus gníomhachas[1]. Seoladh an chéad eagrán ar an 17 Márta 2008 (Lá Fhéile Pádraig) le linn Sheachtain na Gaeilge. Foilsítear an iris go dé-mhíosúil agus cuirtear ábhar in airde ar líne go laethúil.

NÓS
Teanga
Gaeilge,
Cineál
Iris ar líne
Formáid
Ar líne
Bunaithe
2008
Eagarthóir
Maitiú Ó Coimín
nos.ie

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Foilsíodh an iris go míosúil, saor in aisce, ar an idirlíon ar dtús, go dtí gur cuireadh leagan clóite a raibh costas air amach. Tar éis tamaill éiríodh as cló na hirise is foilsíodh í go míosúil, saor in aisce, i bhfoirm PDF agus taobh istigh de Ghaelscéal. Táthar tar éis filleadh ar an leagan clóite anois, agus bíonn an t-eagrán roimhe le fáil ar an suíomh.

Ábhar[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is iomaí ábhar a scríobhann na hiriseoirí faoi, mar shampla cúrsaí reatha, gnéas, ceol, scannáin agus taisteal. Ba é Tomaí Ó Conghaile, iar-leaseagarthóir le Lá Nua agus láithreoir le BBC Raidió Uladh, a bhunaigh NÓS agus bhí sé ina eagarthóir ar an iris ar feadh deich mbliana. Ar an 1 Feabhra 2018, ghlac Maitiú Ó Coimín ról an eagarthóra.

Teanga[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is i nGaeilge na hÉireann (agus uaireanta i nGaeilge na hAlban) a scríobhann iriseoirí NÓS ach i mblianta tosaigh na hirise bhíodh alt amháin fánach Béarla ann a dhéanann spochadh as an tslí a mbíonn ailt fhánacha Ghaeilge i roinnt de na nuachtáin Bhéarla.

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]