Jump to content

Lá Nua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí NuachtánLá Nua
Cineálnuachtán
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh1984 Cuir in eagar ar Wikidata
Seoladh poistTeach Basil, Lána Bhaile Haine, Béal Feirste
Tréith
Formáid nuachtáintáblóideach
Formáid dáilteI gcló agus ar líne


Suíomhnuacht.com Cuir in eagar ar Wikidata

Ba nuachtán náisiúnta Gaeilge é Lá (agus níos déanaí Lá Nua) a bhí lonnaithe i mBéal Feirste. Bhíodh sé á fhoilsiú go laethúil, cúig lá in aghaidh na seachtaine. Ba é Lá an chéad nuachtán laethúil as Gaeilge[1] agus an chéad nuachtán laethúil i dteanga Cheilteach ar bith.[2] D'fhág an nuachtán a rian ar shaol cumarsáide na hÉireann.[3] Ba nuachtán "stairiúil" a thug an Léachtóir Sinsireach le hiriseoireacht Íte Ní Chionnaith air.[4]

Bunaíodh Preas an Phobail, nuachtán seachtainiúil, sa bhliain 1981[5] i mBéal Feirste. Foilsíodh an chéad eagrán de Lá Dé Luain, 13 Lúnasa 1984, an lá tar éis do philéar plaisteach de chuid an RUC John Downes a mharú ag léirsiú i mBaile Andarsan.[6] Bhí an díolachán tuairim is 600 cóip in aghaidh an lae ag an tús, timpeall 200 díobh sin ag dul go Baile Átha Cliath, agus bhí súil ag an bhfoireann é a ardú go 1,000 in aghaidh an lae faoi Nollaig na bliana sin.[1]

Sa bhliain 1985, dódh oifigí Lá. Scriosadh "gach rud" sa tine, trealamh san áireamh. Ainneoin sin d'éirigh leis an bhfoireann an díolachán céanna a bhaint amach faoin mbliain 1991 agus a bhíodh acu roimhe.[7]

Tar éis tamaill, d'athraigh Lá ina nuachtán seachtainiúil.[8]

D'iompaigh sé ina nuachtán laethúil arís ar an 28 Aibreán 2003, á fhoilsiú ó Luan go hAoine as sin amach.[8]

Sa bhliain 2006, d'éirigh le Lá i gcomórtas Fhoras na Gaeilge. In Eanáir 2007 athraíodh an t-ainm go Lá Nua.[1]

Bhí fo-oifigí ag Lá Nua i nGaoth Dobhair agus i gCúil Aodha.[3][9] Bhí 50% de faoi úinéireacht Ghrúpa Meán Bhéal Feirste agus an leath eile faoi ghrúpaí agus daoine éagsúla.[9]

I mí Feabhra 2008, d'fhógair lucht Lá Nua go raibh siad ag iarraidh deireadh a chur leis na heagráin chlóite, a bhí ag cailleadh airgid orthu.[9]

Eoghan Ó Néill sa bhliain 2024

I mí Mheán Fómhair na bliana 2008, dheimhnigh Bord Foras na Gaeilge nach mbeadh maoiniú nua ar fáil don nuachtán laethúil.[10] Foilsíodh an t-eagrán deireanach ar an 19 Nollaig 2008.[1]

Shíl an t-iriseoir Máiréad Ní Chinnéide gur "cailleadh an t-eolas agus an taithí a bhí ag an fhoireann" nuair a cuireadh deireadh le Lá Nua.[11]

I measc na n-eagarthóirí, bhí Gearóid Ó Cairealláin, Eoghan Ó Néill, Ciarán Ó Pronntaigh, Concubhar Ó Liatháin agus Dónall Mac Giolla Chóill (Feabhra-Nollaig 2008).

Bhunaigh Eoghan Ó Néill, duine de bhunaitheoirí Lá, an tseirbhís nuachta ar líne Nuacht24 in Eanáir 2009 mar chomharba ar Lá Nua.[12] I mí na Samhna 2024, ghlac Ó Néill páirt i seoladh nuachtáin chlóite nua eile i nGaeilge, An Páipéar, ag Oireachtas na Gaeilge.[13] Tháinig deireadh le Nuacht24 i mí Nollag 2013.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léitheoireacht bhreise

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 4 RTÉ (1984). "Irish language newspaper first published 1984". Dáta rochtana: 12 Lúnasa 2018.
  2. ↑ "Gearóid Ó Cairealláin" (ga). Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Dáta rochtana: 2024-12-22.
  3. 1 2 Breandán Delap (Deireadh Fómhair 2008). "Margadh deacair na bhfoilseachán Gaeilge". Beo! (90).
  4. ↑ Íte Ní Chionnaith (Márta 2013). "Deireadh curtha le nuachtán Gaeilge eile". Feasta 66 (3): lgh 11–13.
  5. ↑ "Preas an phobail." (Irish). catalogue.nli.ie (1981). Dáta rochtana: 2024-12-22.
  6. ↑ Máirtín Ó Muilleoir. "Lá". Beo!. Dáta rochtana: 13 Lúnasa 2026.
  7. ↑ Uí Chollatáin (2011), lch 18.
  8. 1 2 an Phoblacht (2003). "De Brun praises Lá". Dáta rochtana: 12 Lúnasa 2008.
  9. 1 2 3 Anton McCabe (10 Feabhra 2008). "Irish paper Lá to shut without backer". ThePost.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 Feabhra 2008. Dáta rochtana: 2025-07-15.
  10. ↑ "Comórtas Poiblí don chonradh le nuachtán seachtainiúil Gaeilge le fogairt ag Foras na Gaeilge". Gaeilge.ie (19 Meán Fómhair 2008). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 Iúil 2014.
  11. ↑ Uí Chollatáin (2011), lgh 112–113.
  12. ↑ "Eoghan Ó Néill" (en). Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Dáta rochtana: 13 Lúnasa 2026.
  13. ↑ "Nuachtán clóite Gaeilge nua seolta ag Oireachtas na Samhna". Tuairisc.ie (2 Samhain 2024). Dáta rochtana: 13 Lúnasa 2026.