Gearóid Ó Cairealláin
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 20 Nollaig 2024 |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, gníomhaí teanga |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Iriseoir, drámadóir agus gníomhaí ar shon na Gaeilge ba ea Gearóid Ó Cairealláin ( - 20 Nollaig 2024), ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge idir 1995 agus 1998. Bhí ról claochlaitheach ag an gCaireallánach in athbheochan na teanga agus na Gaelscolaíochta i mBéal Feirste sna 1980idí-2020idí agus thug sé dúshlán leanúnach an stáit ar son chearta teanga agus comhionannais.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhreastail an Caireallánach ar Scoil Mhuire na mBráithre in Iarthar Bhéal Feirste; bhí traidisiún láidir Gaeilge sa scoil. Ansin chaith sé cúpla bliain ag staidéar agus ansin d’éirigh sé as le dul ag obair in ospidéal. Ní raibh a chroí san obair chléireachais a bhí ar bun aige, áfach.[2]
Thosaigh sé a chur spéise sa scríobh. Bhunaigh grúpa daoine (Gearóid Ó Cairealláin ina measc) an nuachtán Preas an Phobail sa bhliain 1981[3] agus an chéad nuachtán laethúil Gaeilge Lá in 1984. Bhí lámh ceannasach, ceannródaíoch aige i mbunú Raidió Fáilte (a fuair ceadúnas in 2006), Meánscoil (Coláiste) Feirste agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaichi gcroílár na ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste.
Dráma
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh an Caireallánach an Compántais Amharclainne Aisling Ghéar agus an comhlacht teilifíse, Scannán Aisling Ghéar, chomh maith.[2] Scríobh agus stiúir sé cláir faisnéise do TG4, ina measc, Siobhán (beathaisnéis an mhóraisteora, Siobhán McKenna), Sos Cogaidh/ Ceasefire agus Olc an Ghaoth, clár faoi New Orleans tar éis thubaiste Katrina.
Don amharclann, tá idir bhundrámaí, Úr Te Bruite, In Ainm an Rí, Cathal Buí, agus aistriúcháin, ina measc, Ag Fanacht le Godot, Damhsa ag Lughnasa, Bailegangaire agus go leor eile scríofa aige. In 2014 scríobh an Caireallánach The Wheelchair Monologues, seó aonair a léirigh sé féin faoina shaol tar éis stróc tubaistiúil.[4]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuail stróc tromchúiseach an Caireallánach in 2006 agus bhí sé ag brath ar chathaoir rothaí ó shin. Bhí an baol ann i mí Iúil 2006 go gcaillfí Ó Cairealláin. Rinneadh damáiste tromchúiseach don taobh deas dá inchinn agus don taobh clé dá chorp. Léiriú ar dhiongbháilteacht, neart agus chrógacht an Chaireallánaigh sa dul chun cinn a bhí déanta aige na blianta ina dhiaidh sin. Bhí feachtas curtha ar bun aige le cur ina luí ar thiománaithe tacsaí Bhéal Feirste gur chóir dóibh seirbhís níos fearr a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas.[2]
Bhí tinn ar feadh tamaill ghairid nuair a bhásaigh sé sa Royal Victoria Hospital ar an 20 Nollaig 2024. Tá clú agus cáil bainte amach ag a mhac Naoise, nó Móglaí Bap mar is fearr aithne air, sa bhanna ceoil Kneecap.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Conradh na Gaeilge (21 Nollaig 2024). "Gearóid Ó Cairealláin, ceannródaí agus mór-cheannaire ghluaiseacht na Gaeilge, iar-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, ar shlí na fírinne - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge". cnag.ie. Dáta rochtana: 2024-12-21.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Caoimhe Ní Laighin (Iúil 2007). "Gearóid Ó Cairealláin" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-12-21.
- ↑ "Preas an phobail." (Irish). catalogue.nli.ie (1981). Dáta rochtana: 2024-12-22.
- ↑ "Gearóid Ó Cairealláin" (ga). Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Dáta rochtana: 2024-12-22.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (21 Nollaig 2024). "Nuacht Mhall (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-12-21.