An Páipéar (nuachtán)
An chéad eagrán, a foilsíodh ar an 1 Samhain 2024 | |
| Cineál | nuachtán |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Am tosaigh | 1 Samhain 2024 |
| Áit a fhoilsithe | Ráth Chairn |
| Tréith | |
| Eatramh foilsithe | Seachtanán |
| Lá a fhoilsithe go rialta | Dé hAoine |
| Príomheagarthóir | Caoimhín Ó Cadhla |
| Formáid dáilte | Leagan clóite agus ar líne |
Is nuachtán seachtainiúil é An Páipéar. Seoladh é den chéad uair ag Oireachtas na Samhna 2024.[1][2][3] Is é 20 leathanach an eagrán toirt an nuachtáin.[4]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhógair Gaelmheáin Teoranta i mí Dheireadh Fómhair go raibh an comhlacht ar tí “an chéad nuachtán clóite Gaeilge ó cuireadh deireadh le Gaelscéal” a fhoilsiú ar bhonn seachtainiúil gach Aoine ón 1 Samhain 2024.
Ba é Eoghan Ó Néill a sheol an nuachtán nua ar an 1 Samhain 2024[5] agus bhí cóipeanna den chéad eagrán ar fáil ag Oireachtas na Samhna 2024. Scríobh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an chéad alt sa nuachtán.[6]

Dáileadh agus maoiniú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Murab ionann agus foilseacháin reatha Gaeilge eile, ní forlíonadh ach nuachtán "leis féin" é An Páipéar.[7]
In am a sheolta, bhí an nuachtán ar díol i 300 siopa “ar fud na tíre” ar €3 nó £2.50. Leagan amach táblóideach atá air agus é lándaite. Dúirt an tEagarthóir Caoimhín Ó Cadhla gurb é “aidhm Ghaelmheáin Teoranta go mbeidh an nuachtán ar fáil i ngach siopa sa tír”.[6] Foilsítear ábhar ó eagráin chlóite ar líne.[8]
Cuireadh síntiúis éagsúla ar fáil:
- eagrán clóite, €20.84 (€12.50 + €8.34 do phostas agus pacáistiú) in aghaidh na míosa
- eagrán digiteach, €6.70 in aghaidh na míosa
- eagrán clóite agus digiteach, €25.34 (€17.00 + €8.34 do phostas agus pacáistiú) in aghaidh na míosa
Tá margadh speisialta ar fáil do scoileanna.[9] Agus a gcéad bhliain ar an bhfód á ceiliúradh aige, thug Ó Cadhla le fios go raibh méadú faoi chúig tar éis teacht ar oiread na siopaí a bhí An Páipéar ar díol iontu, go 1,500 siopaí timpeall na tíre. Ag staid amháin bhíodar ag dáileadh 5,300 de, níos mó ná trí oiread den líon lenar thosaíodar.[4]
Níl aon mhaoiniú Stáit ag An Páipéar. Níl a fhios an bhfuil foinse ioncaim eile ann.[foinse?]
Chuir lucht An Pháipéir rompu gan bheith ag brath go hiomlán ar mhaoiniú ná ar fhógraíocht stáit. Roimh a sheoladh, bhí Ó Cadhla ag súil go ndéanfadh díolachán an nuachtáin "formhór an ioncaim" agus go mbeidís ag lorg fógraíocht ó chomhlachtaí freisin.[3]
Ábhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leagan amach táblóideach atá ar An Páipéar agus é lándaite. I ngach eagrán (sé leathanach déag in 2024; 20 lch faoi dheireadh 2025[4]), tá rannóga nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta le fáil, tuairimíocht, ‘comhfhreagras’ (litreacha ó na léitheoirí), eagarfhocal, clár imeachtaí Gaeilge, léirmheasanna ar leabhar agus féile, rannóg oideachais, alt faoin mbéaloideas, sceidil teilifíse agus raidió, puzail, agus tuairiscí spóirt.[6] Is féidir leis an gcrosfhocal bheith "dúshlánach go maith".[10]
"Margadh difriúil" atá ag An Páipéar seachas Seachtain agus Scéal dar leis an láithreoir raidió Gráinne Uí Chaomhánaigh. Shíl sí go bhfuil An Páipéar ag díriú ar mórscéalta an lae a sholáthar do lucht léite na Gaeilge seachas scéalta atá níos ginearálta[7][11] agus go bhfuil sé "thar barr".[12]
Feiceann eagarthóir an nuachtáin mar mhol do phobal na Gaeilge é.[4]
Foireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is "comharchumann oibrithe" atá i mbun an nuachtáin agus bíonn siad ag iarraidh daoine eile a mhealladh freisin.[9][13] Údar mórtais don nuachtán é gur saineolaithe iad cuid de na scríbhneoirí.[4]
I measc na gcomhfhreagraithe, tá Cathal Ó Murchú, Eoin Ó Murchú (iarchomhfhreagraí polaitiúil le RnaG), an Dr. Kerron Ó Luain, Domhnall Mac Concharraige, Cóilín Duffy, Oisín Mac Fhearraí agus Caoimhín Ó Cadhla. I measc na scríbhneoirí tá Aedín Ní Thiarnaigh, an Dr. Fearghal Mac Bhloscaidh, Aindrias Ó Cathasaigh, Síobhra Aiken, an Dr. Colm Mac Gearailt, Diarmuid Breathnach, Lisa Nic an Bhreithimh, Jack Mac Íomhair, an tOll. Pádraig Ó Duibhir agus Aodh McNeill.
- Cathal Ó Murchú ar an Vicipéid
- Kerron Ó Luain ar an Vicipéid
- Eoin Ó Murchú ar an Vicipéid
- Diarmuid Breathnach ar an Vicipéid
- Cóilín Duffy ar an Vicipéid
Fuair Jack Mac Íomhair ainmniúchán sa chatagóir "Iriseoir na Bliana" ag Gradaim Chumarsáid an Oireachtais i 2025.[14][15][16]

Treoshuíomh polaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireann an t-eagarthóir béim ar an éagsúlacht mar sprioc agus thug sé le fios go bhfuil lucht an nuachtáin ag iarraidh "tuairim gach Gaeilgeoir" a chur in iúil ann. Deir sé gur mian leo tuairimí lucht imirce agus teifigh, dhaoine LADTA+, agus daoine faoi mhíchumas a chur ar a súile do léitheoirí na Gaeilge sa teanga céanna, chomh maith le níos mó scríbhneoireachta ó iriseoirí ban.[3][6][13]
Ar cheist na Gaeilge, dúirt sé "Tuigimid go bhfuil fórsaí sa tsochaí a chuirfeadh brú orainn líne eagarthóireachta faoi leith a thógáil ach [...] ní bheidh drogall orainn ar chor ar bith dúshlán ceart a thabhairt don stát."[3]
Agus í ag trácht ar an gcéad eagrán, dúirt an léachtóir san Oideachas Síle Ní Choncheanainn gur "cheapas go raibh cineál claontacht i dtreo Shinn Féin sa chéad alt [...]".[10][17]
"Ar ndóigh bíonn a chlaonadh féin ag gach eagraíocht" a shíl an blagálaí Aonghus Ó hAlmhain ina thaobh sin. "Gaeil, den eite chlé" a thug sé ar an bhfoireann trí chéile.[18] Tar éis dornán eagrán a bheith foilsithe áfach, b'í a thuairim go raibh colúnaí(the) dá gcuid chomh tógtha sin le hiompair na Stát Aontaithe a cháineadh gur fhág sé báúil le cogadh na Rúise iad.[19] Go deimhin, is í "liarlóg" a thug sé ar an nuachtán ní ba dhéanaí ar an ábhar céanna.[20]
Is ar an laghad acmhainní atá acu is mó a dhírigh an taighdeoir Rónán Ó Muirthile. "Tá sé deacair claonadh a aimsiú fé láthair" a dúirt sé agus gan ach roinnt míonna curtha isteach an An Páipéar, á rá freisin go mbíonn sé deacair theacht ar eolas faoi na comhfhreagraithe féin ná aithne a chur orthu.[20][21]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil: anpáipéar.ie
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Gaelmheáin Teoranta (2024). "anpáipéar.ie". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Dé hAoine || An tOireachtas". www.antoireachtas.ie. Dáta rochtana: 2024-11-01.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Ciarán Dunbar (16 Deireadh Fómhair 2024). "Nuachtán nua le seoladh ag an Oireachtas". NÓS. Dáta rochtana: 03 Samhain 2024.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Caoimhín Ó Cadhla (31 Deireadh Fómhair 2025). "Eagarfhocal #53". An Páipéar (Eagrán 53).
- ↑ Gaelmheáin (1ú Samhain). "Nuachtán nua Gaelach le seoladh ag an Oireachtas". An Páipéar (Uimhir 1): lch 1.
- ↑ 6.0 6.1 6.2 6.3 Maitiú Ó Coimín (2 Samhain 2024). "Nuachtán clóite Gaeilge nua seolta ag Oireachtas na Samhna". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-02.
- ↑ 7.0 7.1 Gráinne Uí Chaomhánaigh (2025-04-16). "Tús Áite: Mír na Meán". Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ Oifig an Choimisinéara Teanga (Aibreán 2025). "Na Meáin Ghaeilge": lch 5.
- ↑ 9.0 9.1 Maitiú Ó Coimín (09 Deireadh Fómhair 2024). "Nuachtán clóite Gaeilge nua le seoladh ag Oireachtas na Samhna". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ 10.0 10.1 Síle Ní Choncheanainn (2024-11-06). "Tús Áite: Mír na Meán". Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ "D15 Today Tuesday". 92.5 Phoenix FM. Dáta rochtana: 2025-07-02.
- ↑ Gráinne Uí Chaomhánaigh (27 Samhain 2024). "Tús Áite: Mír na Meán". Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2025-07-02.
- ↑ 13.0 13.1 Selma Catibusic (16 Nollaig 2024). "An Páipéar agus an Tábhacht a Bhaineann Leis". The University Times. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ "Gearrliosta 2025 | Gradaim Chumarsáide". An tOireachtas. Dáta rochtana: 13 Samhain 2025.
- ↑ "Gearrliosta ghradaim chumarsáide an Oireachtais 2025 fógartha" (19 Meán Fómhair 2025). An Páipéar (Eagrán 47).
- ↑ "Gearrliostaí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025 fógartha". Tuairisc.ie (2025-09-19). Dáta rochtana: 2025-11-13.
- ↑ "S.NiChoincheannain@mic.ul.ie | Mary Immaculate College". Coláiste Mhuire gan Smál. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ Aonghus Ó hAlmhain (7 Samhain 2024). "An Páipéar". Smaointe Fánacha Aonghusa. Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ Aonghus Ó hAlmhain (12 Nollaig 2024). "Auferre trucidare rapere falsis nominibus imperium". Smaointe Fánacha Aonghusa. Dáta rochtana: 2025-07-01.
- ↑ 20.0 20.1 Rónán Ó Muirthile (12 Feabhra 2025). "Tús Áite: Mír na Meán". Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ "Rónán Ó Muirthile - IADT" (en-GB). IEDL. Dáta rochtana: 2025-07-15.