Gaelscéal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de publicacions periòdiquesGaelscéal
Cineálnuachtán
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh26 Márta 2010 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
EagarthóirCiarán Dunbar Cuir in eagar ar Wikidata

Ba nuachtán Gaeilge seachtainiúil é Gaelscéal a bhíodh á eisiúint ar an Aoine idir 2009 agus 2013. Bhíodh sé á fhoilsiú ag Torann na dTonn Teoranta, ar comhfhiontar idir Eo Teilifís (comhlacht léiriúcháin) agus "An Curadh Connachtach" (nuachtán) é.

Nuachtán ildathach táblóideach 32 leathanach a bhí ann, a cuireadh ar fáil ar fud oileán na hÉireann. Cuireadh an nuachtán ar fáil i bhfoirm chlóite agus mar fhoilseachán leictreonach ar an suíomh gréasáin chomh maith. €1.65 (nó £1.50 i dTuaisceart Éireann) an praghas a bhí air. Ba é Ciarán Dunbar eagarthóir an Nuachtáin.

Stair agus cúlra an nuachtáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig deireadh le Foinse mar nuachtán neamhspleách Gaeilge i Meitheamh 2009, d'fhógair Foras na Gaeilge go mbeadh conradh nua ar tairiscint le haghaidh nuachtán náisiúnta seachtainiúil Gaeilge.[1] Fógraíodh ar 20 Samhain 2009 gur bronnadh conradh agus maoiniú nua ar Torann na dTonn Teoranta chuige sin.[2]

Tugadh le fios go mbeadh an t-ainm 'Gaelscéal' ar an bhfiontar nua agus eisíodh an nuachtán nua den chéad uair ar 26 Márta 2010.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saol gearr a bhí ag Gaelscéal, trí bliana a bheag nó a mhór.Tháinig deireadh le maoiniú Fhoras na Gaeilge don nuachtán agus don nuachtán féin i Márta na bliana 2013.

Cuireadh deireadh leis nuair a shocraigh Foras na Gaeilge deireadh a chur leis an mhaoiniú a cuireadh ar fáil dó. Droch-dhíolacháin an chúis a luaigh an Foras lena gcinneadh. Ach bhí an mhéad cóipeanna a dhíol Gaelscéal sé inchurtha leis na nuachtáin eile a cuireadh amach sa teanga roimhe. "Ní raibh pobal na Gaeilge i gcoitinne ag iarraidh Gaelscéal a cheannach, ba chuma leo é a bheith ann nó as", a scríobh Ciarán Dunbar.[3]

Stíl agus cur chuige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.rte.ie/news/2009/0625/foinse.html
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-11-24. Dáta rochtana: 2010-03-29.
  3. "Gaelscéal: “Ag Cothú Phobal na Gaeilge”". cadhan.com. Dáta rochtana: 2019-05-01.
  4. nuacht24 (2010-04-19). "Seoladh Gaelscéal".