Ríomhphost

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ríomhphost

Cineálseirbhís idirlín, speisialtacht agus réimse staidéir Cuir in eagar ar Wikidata
Eapainmmail (en) Aistrigh
Cuid dean tIdirlíon
Tuilleadh eolais
Stack ExchangeNasc Cuir in eagar ar Wikidata

Ríomhphost - sampla.

Is éard is ríomhphost ann ná seirbhís a chuirtear ar fáil thar an Idirlíon (is seirbhísí eile iad an Gréasán Domhanda, FTP, srl.). Is féidir teachtaireachtaí a sheoladh ó ríomhaire ar bith atá ceangailte leis an Idirlíon go dtí ríomhaire eile atá ceangailte leis.

Seoladh Ríomhphoist[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teastaíonn seoladh ríomhphoist ó dhuine má tá siad ag iarraidh teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh agus a ghlacadh. Bíonn an chuma seo a leanas ar sheoladh ríomhphoist:

  • ainm@seoladh

Is féidir seoladh ríomhphoist a fháil ó Sholáthraí Seirbhísí Idirlín (ISP) má chruthaíonn tú cuntas leo, nó is féidir seoladh ríomhphoist a fháil ó sheirbhís ríomhphoist gréasáin ar nós Yahoo Mail, Hotmail nó Gmail.

Cliant Ríomhphoist[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is feidhmchlár é cliant ríomhphoist a húsáidtear le teachtaireachtaí ríomhphoist a chumadh, a sheoladh, a ghlacadh agus a bhainistiú. Seo a leanas roinnt samplaí de chliaint ríomhphoist: Microsoft Outlook Express, Microsoft Outlook, Eudora, Netscape Messenger. Bíonn gnéithe breise ag cuid de na cliaint seo a chuireann ar do chumas iad a úsáid mar eagraí pearsanta (m.sh. liosta teagmhálaithe, féilire, srl.).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]