Jump to content

Misneach (grúpa)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaMisneach
Sonraí
Cineáleagraíocht abhcóideachta
foilsitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Bunaitheoir(í)Máirtín Ó Cadhain Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttps://www.misneachabu.ie/

Grúpa stocaireachta Gaeilge in Éirinn is ea Misneach. Ba é Máirtín Ó Cadhain a bhunaigh é sa bhliain 1963 agus bhí sé dírithe go diongbháilte ar athbheochan na Gaeilge.

Ar na baill sna 1960idí bhí; Máirtín Ó Cadhain, Deasún Breatnach, Cian Ó hÉigeartaigh, Séamus Ó Tuathail, Proinsiasa Nic Uait, Séamus Ruiséal, Eoin Ó Murchú, Micheál Mac Aonghusa, Seán Ó Beacháin, srl.

Ba é Máirtín Ó Cadhain a bhunaigh Misneach sa bhliain 1963

Sa bhliain 2012 fógraíodh go raibh grúpa nua le bunú faoin teideal céanna agus go raibh cead faighte ag an ngrúpa seo ó bhaill seanMhisneach an t-ainm a thabhairt orthu féin.

Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar strae

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh an grúpa paimfléad faoi pholaitíocht theanga na Gaeilge, Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar strae a bhí bunaithe ar chaint a thug Máirtín Ó Cadhain uaidh i Lúnasa na bliana 1969. San óráid dúirt sé le Gaeilgeoirí páirt a ghlacadh in 'Athghabháil na hÉireann'. Is ón bpaimfléad seo a thagann ráiteas cáiliúil an Chadhanaigh: ' Arm cathartha Gaeilgeoirí ar son na Gaeilge agus ar son na hÉireann a theastaíos anois. '

D'eagraigh an grúpa stailc ocrais seachtaine le linn chomóradh 50 bliain de Éirí Amach na Cásca, toisc go raibh faillí déanta ag an stát i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, dar leo. Ghlac Deasún Breatnach, Cian Ó hÉigeartaigh, Séamus Ó Tuathail, Proinsiasa Nic Uait, Séamus Ruiséal, Seán Ó Beacháin, Micheál Mac Aonghusa, Eoin Ó Murchú, Seán Ó Laighin, agus Fiachra Ó Dubhthaigh páirt ann.

Ghlac seisear i mBéal Feirste, a chuaigh ar stailc i gCumann Chluain Ard, páirt san fheachtas céanna. Ba iad sin Séamus Mac Seáin, Tomás Ó Monacháin, Brian Ó Maoileoin, Caoimhín Ó Loingsigh, Tomas Ó Duibhir agus Donnchadh Ua Bruadair.

Cruinniú an LFM

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athnuachan in 2012

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2012 fógraíodh go raibh grúpa nua le bunú faoin teideal céanna agus go raibh cead faighte ag an ngrúpa seo ó bhaill seanMhisneach an t-ainm a thabhairt orthu féin chomh maith. Tógann an grúpa seasamh 'radacach’ ó thaobh na Gaeilge de.[1] "Is den eite chlé muid agus creideann muid go daingean go gcaithfear an córas caipitleach agus an t-impiriúlachas a chur de dhroim an tsaoil ar mhaithe leis an Ghaeilge".[2]

Foilsíonn siad an nuachtlitir "Mionlach".

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-11-17. Dáta rochtana: 2012-11-27.
  2. "Cé Muid? - Misneach" (ga-IE) (2017-10-28). Dáta rochtana: 2025-11-23.