Jump to content

Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar strae (paimfléad)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharGluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar strae
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarMáirtín Ó Cadhain Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán1970 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirMisneach

Paimfléad faoi pholaitíocht theanga na Gaeilge atá in Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar strae atá bunaithe ar léacht a thug Máirtín Ó Cadhain uaidh i Lúnasa na bliana 1969. D'fhoilsigh an grúpa stocaireachta Misneach é. San óráid, deir sé le Gaeilgeoirí páirt a ghlacadh in 'Athghabháil na hÉireann'. Is ón bpaimfléad seo a thagann a ráiteas cáiliúil: Arm cathartha Gaeilgeoirí ar son na Gaeilge agus ar son na hÉireann a theastaíos anois. Is ann a deir sé gurb é dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh freisin.

Déanann sé cáineadh ann ar nach mór gach eagras Gaeilge a bhí suas in 1969, na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht san áireamh. Shíl sé go raibh meon na méanaicme i dtreis i ngach eagras agus mar gheall air sin nach raibh siad radacach go leor. Bealach agóide a mhol sé féin.

Rinne Páirtí Cumannach na hÉireann aistriúchán go Béarla air dar teideal The Irish Language Movement, a Movement Astray. Seósamh Ó Díochan a d'aistrigh.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]