Cultúrlann Uí Chanáin
Cultúrlann Uí Chanáin | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Ionad pobail ![]() | |||
Foirgníocht | 2009 ![]() | |||
Suíomh geografach | ||||
Suíomh | Doire | |||
| ||||


Is lárionad don saol Gaelach i nDoire Cholmcille é Cultúrlann Uí Chanáin.[1] Bunaíodh an Chultúrlann sa bhliain 2009.[2] Ainmníodh an Chultúrlann in onóir gníomhaí Gaeilge, Sean Ó Canáin, nach maireann.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 2001, cheannaigh An Gaeláras Bácús mhic Daibhéid ag 37 Mórshráid Shéamais, agus cinntíodh cead pleanála d'ionad úr Gaeilge, Ealaíon agus Fiontair Cultúrtha saintógtha ar an suíomh ar chostas £4.6 milliún. Thosaigh tógáil an fhoirgnimh, a dhear O'Donnell + Tuomey, i mí Eanáir 2008, agus osclaíodh go hoifigiúil é ar an 4 Meán Fómhair 2009.[3] I mí Iúil 2008, bhí an foirgneamh mar ionadaí d'Éirinn ag an Venice Biennale agus tá go leor gradaim buaite óna chríochnú, lena n-áirítear an dara háit sa chomórtas d'ardcháil, an Sterling Prize, an chéad ainmniúcháin ó Thuaisceart na hÉireann.[4]
Maoiníodh an foirgneamh ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Oifig an Chéad-Aire agus an leasChéad-Aire, ILEX, an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Ciste idirnáisiúnta d'Éirinn, Clár Síochána agus Athmhuintearais an Aontais Eorpaigh, an Roinn um Fhorbairt Shóisialta, Ciste Infheistíochta Uladh agus Ciste Athmhuintearais na Ranna Gnóthaí Eachtracha.
Áiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na n-áiseanna sa Chultúrlann, tá amhraclann il-úsáide, caifé, seomraí ranga teagaisc, goradáin ghnó agus spás oifige.
Cuireann an chuideachta spás ar fail fosta do ghnónna agus ghrúpaí bunaithe, mar shampla Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus Cumann na bPíobairí.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste
Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Teanga | Ceol | Cultúr // Language | Music | Culture - Derry / Doire". www.culturlann.org. Dáta rochtana: 2024-07-25.
- ↑ Robert McMillen (Samhain 2012). "Gearóid Ó hEára, Cultúrlann Dhoire Cholm Cille" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-07-25.
- ↑ D'oscail Éamon Ó Cuív, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaelteachta, an áit go hoifigiúil ar an 4 Meán Fómhair 2009.
- ↑ 4.0 4.1 "About Cultúrlann Uí Chanáin". www.culturlann.org. Dáta rochtana: 2024-07-25.