Cluainín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cluainín
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Leitrim Magnified.png
Daonra ( )
- Baile:
- Tuath:
 
927 (2002) 
1422 (2002)
Airde: 69 m
Contae: Contae Liatroma
Cúige: Connachta

Baile mór i gContae Liatroma agus timpeall 2,000 daoine ann is ea Cluainín (Uí Ruairc), agus é suite idir Sligeach agus Inis Ceithleann i lár gleannta áille.[1] Manorhamilton a thugtar ar an áit i mBéarla, agus ainmníodh amhlaidh é as an Ridire Frederick Hamiltown, athshaighdiúir Albanach ar bronnadh tailte Uí Ruairc air sa 17ú haois agus a chuir baile mór ar bun i mbaile fearainn Cluain Muilinn lastoir den Abhainn Bheag. Téann an Bhuannaid, abhainn eile, thar an áit ó Loch Gleann Éada go dtí Loch Gile. Ar an taobh thiar theas tá Beann Bó, sliabh fraoigh atá 1,367 troigh ar airde.[2]

Is é Cluainín Uí Ruairc príomhbhaile thuaisceart Liatroma, agus é suite ar an mbóthar N16 ó Sligeach (16ml) go Inis Ceithleann (24ml). Níl Baile Átha Cliath ach dhá uair go leith de shiúl uaidh agus shroichfí Béal Feirste i gceann dhá uair an chloig.

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt gnólachtaí i gCluainín:

  • Merenda Ltd - déantasóir earraí ciumhaisbhandála agus snaschlúdaithe
  • Elastometall Ireland - déantasóir earraí frithchreatha agus earraí nasctha rubair agus miotail.
  • Mirror Controls International - déantasóir gníomhróirí scáthán gluaisteán.
  • Manorhamilton Livestock Mart & Export Sales
  • Melvin Plastics

Tá an fheirmeoireacht chun tosaigh fós ach tá saghsanna nua gnó ag dul i neart. Bhí borradh faoin tionscal tógála go dtí le déanaí agus na céadta teach nua le feiceáil, ach chuir an meath airgeadais deireadh leis sin.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá clú ar Chluainín de bharr a bhfuil de cheol tíre le cloisteáil ann, agus bíonn seisiúin ar siúl sna tithe tábhairní, 'Biddy's,' 'Heraghty's' agus 'The Castle'.

Ionad na nGleannta[3][cuir in eagar | athraigh foinse]

Amharclann agus lárionad ealaíon is ea Ionad na nGleannta agus tá lucht drámaíochta agus siamsa le fáil ann ar fud na bliana. Pléitear cúrsaí pobail ann agus is féidir le turasóirí eolas a fháil ann.

Compántas Splódair[4][cuir in eagar | athraigh foinse]

Compántas proisiúnta drámaíochta is ea Splódar agus léiríonn siad drámaí i nGaeilge agus i mBéarla. Bíonn siad ag obair in áiteanna eile in Éirinn, agus tá drámaí léirithe acu ag féilte drámaíochta thar lear.

Drumlin Publications[5][cuir in eagar | athraigh foinse]

Prinnsíos Ó Duigneáin (Prin Duignan), údar áitiúil,[6] agus a bhean chéile Betty a chuir Drumlin Publications ar bun, agus rún acu scríbhneoirí nua a fhoilsiú i mBéarla agus i nGaeilge. Tá a lán leabhar faoi chúrsaí staire agus cultúir curtha amach acu.

Gaelscoil Chluainín[7][cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an scoil seo le fáil i Sráid an Chaisleáin. Tógadh an foirgneamh d'aonghnó agus tá na háiseanna is nua ann.

An Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí cainteoirí dúchais Gaeilge sa cheantar anuas go dtí fichidí an fichiú haois. Sna caogaidí bhíodh tóir agus cáil ar Fheis Chluainín, feis a mbíodh chuile chomórtas á reachtáil trí Ghaeilge. Dhéantaí an Stair agus an Tíreolaíocht a mhúineadh i nGaeilge sa mheánscoil ar son an 10% breise de mharcanna a d'fhéadfaí a fháil san Ardteistiméireacht. Tá drámaí Gaeilge á léiriú in Ionad na nGleannta ag Prin Ó Duigneáin le 20 bliain anuas.

Níor thóg sé ach bliain is trí mhí ar choiste na gaelscolaíochta an Ghaelscoil a chur ar bun, agus tá os cionn tríocha dalta ann faoi láthair.

Tháinig lucht na Gaeilge i gCluainín le chéile cúpla bliain ó shin chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Is é Glór Chluainín[8] an eagraíocht acu.

Áiteanna suimiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caisleán Bhaile Hamaltúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá fothrach Chaisleán Bhaile Hamaltúin le feiceáil os cionn an bhaile mhóir.[9]. Seo áit a tógadh ó Uí Ruairc Bhreifne tar éis Chath Chionn tSáile sa bhliain 1601. Fuair an Ridire Frederick Hamilton an talamh ó Shéamus I, Rí Shasana agus na hAlban, sa bhliain 1621, agus chuir sé caoi ar an gcaisleán sa bhliain 1634 tar éis dó teacht ar ais ón gCogadh Tríocha Bliain. Loisc na Búrcaigh é sa bhliain 1652. Tá taispeántas buan ann agus tá turais threoraithe ar fáil.

Caisleán Bhaile Hamaltúin.

Lárionad Dealbhadóireachta Liatroma[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dánlann ag baint leis an Lárionad, agus déantar áiseanna a sholáthar le haghaidh dealbhadóireachta de gach saghas, go háirithe teilgean cré-umha, snoí adhmaid agus snoí cloiche. Tugtar cúnamh ginearálta do phéintéirí agus d'ealaíontóirí eile sa cheantar máguaird, daoine arb as tíortha eile do mhórán acu.

Láithreáin mheigiliteacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a lán caiseal agus tuamaí pasáiste le fáil idir an Bogán agus Cluain Lothair, agus tá cairn agus tuamaí le feiceáil ar bharr Bheann Bó agus ar bharr sléibhte eile. Tá cathracha, caisil, tuamaí agus láithreáin eile spréite ar na hísleáin. Is maith an chaoi atá ar Lios Rátha Rois, láithreán iarannaoise atá an-ghar do bhóthar Ros Inbhir, timpeall dhá mhíle slí ó Chluainín.

Cúrsaí timpeallachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Greenbox[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an éiceathurasóireacht á cur chun cinn ag The Greenbox.[10] Baineann The Greenbox le Contae Fhear Manach, Contae Liatroma, le hiarthar Chontae an Chabháin, le tuaisceart Chontae Shligigh, le deisceart Chontae Dhún na nGall agus le hiarthuaisceart Chontae Mhuineacháin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]