Aimsir na bliana 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAimsir na bliana 2023
Cineálevents in a specific year or time period (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana2023 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn Domhan Cuir in eagar ar Wikidata
2023 go mór fada ar an mbliain is teo ar an taifead le 174 bliain.. Sonraí Copernicus
Aimhrialtacht teochta dhomhanda, Meitheamh 2023 Foinse ERCC - Emergency Response Coordination Centre

Bhí sé ina dheargtheas ar fud na cruinne sa bhliain 2023. Ba í 2023 an bhliain ba theo riamh ó tosaíodh ag coinneáil taifead.[1][2][3][4] Ar an meán, bhí ardú 1.5 céim ar an teocht domhanda in 2023 ó thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch.[5]

Le linn 2023, bhí El Niño ag dul i gcion ar gach áit faoin spéir. Meastar go mbaineann cuid den ardú teochta ollmhór timpeall an domhain sa bhliain 2023 leis an El Niño, a thug teas léi go dtí dromchla an domhain.[6]

Bhí na hoighearchaidhpeanna i gcónaí ag leá agus leibhéal na farraige ag ardú. Mar shampla, idir 2022-2023, tháinig laghdú 10 faoin gcéad ar na hoighearshruthanna san Eilvéis, agus idir 2013-2023, bhí leibhéal na farraige ag ardú a dhá oiread níos sciobtha thar mar a bhí sna 1990idí.[1]

Meitheamh 2023. Foinse: Copernicus Climate Change Service / Aontas Eorpach

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 2023 ar an mbliain ba theo ó cuireadh tús leis na taifid. Ar an meán, bhí an teocht 1.5 céim Celsius níb airde ná mar a bhí sí le linn na ré réamhthionsclaíche. Léiríonn tuarascáil de chuid Copernicus gur ag tráthanna áirithe i rith 2023, go raibh an teocht dhá chéim Celsius ní ba theo ná mar a bhí sí le linn na ré réamhthionsclaíche. Lena chois sin, bhí Iúil na bliana 2023 ar an mí ba theo ó cuireadh tús leis na taifid; is amhlaidh go measann eolaithe go raibh sí ar an mí ba theo riamh le 120,000 bliain anuas. Ina theanta sin, bhí an leibhéal muiroighir ab ísle riamh san Antartach.[6]

14.98C a bhí mar mheánteocht i rith 2023. B'í 2016 an bhliain ba theo riamh roimhe sin, tráth a raibh an meánteocht 0.17C níb ísle.

Sháraigh an teocht mara in 2023 gach taifead

Tonnta teasa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn mhí an Mheithimh - Meán Fómhair 2023, bhuail tonnta teasa, falscaithe agus triomach áiteanna ar fud na hEorpa agus an leathsféar thuaidh go léir, an samhradh is teo a taifeadadh riamh.[7] Rinneadh dochar mór d’éiceachórais, don gheilleagar agus do shláinte daoine.[8]

Bhí Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe ar an daoraí. “Tá séasúr deargthe curtha de ag ár bpláinéad a dúirt Antonio Guterres, ag caint ar thuairisc nua ón Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta.[9]

Le linn mhí an Mhárta- Nollaig 2023, bhuail tonnta teasa agus cioclóin áiteanna ar fud Mheiriceá Theas, an geimhreadh agus an t-earrach is teo a taifeadadh riamh. Buaileadh an Airgintín agus an tSile go háirithe le linn an gheimhridh.[10]

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an ráta téimh in Éirinn ar aon bhonn leis an gcuid eile den domhan. Bhí aimsir na bliana 2023 is teo dár taifeadadh ariamh in Éirinn agus sa Bhreatain, aon uair amháin eile. Sáróidh an meánteocht bhliantúil i mbliana an meánteocht a b'airde ariamh a baineadh amach in 2022. Cé go gcuimhníonn go leor daoine ar an teas mór a bhí ann i gcaitheamh mhí an Mheithimh, gurb é an rud is suntasaí faoin mbliain an teas seasta a bhí in Éirinn ar feadh na bliana uilig.

Dhearbhaigh Met Éireann go raibh 2023 ar an mbliain ba theo riamh in Éirinn ó tosaíodh ag coinneáil taifead.[11] Bhí an teocht ar an meán os cionn 11 céim i mbliana agus ní raibh sé chomh hard sin riamh roimh 2023. Ba é an Meitheamh an mhí ba theo riamh agus ba iad an Márta agus Iúil an dá mhí ba fhliuiche riamh. Bhí an teocht in ÉIrinn i bhfad níos airde gach bliain ó 2000 i leith ná mar ba ghnách go stairiúil (seachas 2010 nuair a bhí fuacht eisceachtúil ann).[12]

Tubaistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail spéirling Daniel an Libia i dtús mhí Mheán Fómhair. Fuair ar a laghad 11,500 bás de bharr na dtuilte a lean an stoirm sin agus chaill os cionn 35,000 gach a raibh acu.[1]

Príomhalt: Stoirm Daniel

Bhuail stoirmeacha agus tuilte eile iarthar na hEorpa. Buaileadh iarthuaisceart na hÍsiltíre go háirithe, Stoirm Poly, an stoirm shamhraidh ba mheasa le cuimhne na ndaoine sa réigiún sin.[13]

Príomhalt: Stoirm Poly, 2023

I mí Iúil fuair 28 duine bás agus b’éigean do bhreis agus 20,000 a dtithe a fhágáil nuair a tharla tinte foraoise sa Ghréig.

Ba mheasa fós na falscaithe in Haváí i mí Lúnasa inar maraíodh breis agus 100.

I gCeanada, loisceadh 5 faoin gcéad d’fhoraoiseacha na tíre sin i dtinte a lean ar feadh an tsamhraidh; b’éigean do dhaonra iomlán Yellowknife an chathair sin a fhágáil agus d’fhéadfaí deatach na dtinte a fheiceáil chomh fada ó dheas agus cathair Nua-Eabhrac.

Tharla drochthuilte i ndeisceart na Brasaíle i mí an Mheithimh agus arís i mí Mheán Fómhair; cailleadh nach mór 100 duine agus tá na mílte fós gan dídean.[1]

Ceapadh beartais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtáladh in Dubai COP28 nó Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2023.[14] Bhí margadh domhanda déanta den chéad uair chun aistriú ó bhreoslaí iontaise agus dul i ngleic leis an bpríomhchúis taobh thiar den athrú aeráide.[15] Iarradh ar thíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise taobh istigh de dheich mbliana agus sin a dhéanamh ar bhealach atá ‘cóir, eagraithe agus cothrom’.[16][17]

Príomhalt: COP28

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Alex Hijmans (28 Nollaig 2023). "Cogadh dearg agus deargtheas – súil siar ar an domhan in 2023" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-29.
  2. "‘Foláireamh Dearg’ faoin athrú aeráide fógartha ag áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-19). Dáta rochtana: 2024-03-19.
  3. WMO (2024-03-15). "State of the Global Climate 2023" (en). World Meteorological Organization. Dáta rochtana: 2024-03-19.
  4. "Climate change indicators reached record levels in 2023: WMO" (en). World Meteorological Organization (2024-03-15). Dáta rochtana: 2024-03-19.
  5. "Copernicus: 2023 is the hottest year on record, with global temperatures close to the 1.5°C limit | Copernicus". climate.copernicus.eu. Dáta rochtana: 2024-01-11.
  6. 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2024-01-09). "2023 ar an mbliain ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid" (as ga-IE). 
  7. "Summer 2023: the hottest on record | Copernicus". climate.copernicus.eu. Dáta rochtana: 2023-09-06.
  8. "‘Tá cliseadh na haeráide tosaithe’ – an samhradh is teo a taifeadadh riamh" (ga-IE). Tuairisc.ie (6 M.F. 2023). Dáta rochtana: 2023-09-06.
  9. "Earth had hottest three-month period on record, with unprecedented sea surface temperatures and much extreme weather" (en). public.wmo.int (2023-09-06). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-09-06. Dáta rochtana: 2023-09-06.
  10. Matthew Patterson (2023-08-14). "One of 2023’s most extreme heatwaves is happening in the middle of winter" (en). Climate Home News. Dáta rochtana: 2023-09-27.
  11. Tuarascáil bhliantúil na gníomhaireachta meitéareolaíochta (2023). "Provisional State of the Irish Climate Report 2023 - Met Éireann - The Irish Meteorological Service" (en-IE). www.met.ie. Dáta rochtana: 2023-12-29.
  12. Nuacht RTÉ (2023-12-28). "Met Éireann: 2023 ar an mbliain ba theo riamh" (as ga-IE). 
  13. Alex Hijmans (12 Iúil 2023). "Ná déanaimis dearmad nach ionann ‘aimsir’ agus ‘aeráid’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-12.
  14. Ciallaíonn COP ‘Comhdháil na bPáirtithe’ agus is ionann na ‘páirtithe’ agus an 197 náisiún a d’aontaigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i 1992.
  15. Conradh na Gaeilge, Londain (16 Nollaig 2023). "‎Nuacht Mhall: (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-12-16.
  16. "Margadh domhanda déanta den chéad uair chun aistriú ó bhreoslaí iontaise" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-12-13). Dáta rochtana: 2023-12-13.
  17. Nuacht RTÉ (2023-12-13). "Margadh déanta ag comhdháil aeráide COP28" (as ga-IE).