El Niño

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
El Niño sa bhliain 2015 agus 3D. Foinse: NASA

Patrún aimhrialta aeráide san Aigéan Ciúin is ea El Niño. Feiniméan aimsire nádúrtha atá ann. Tá baint ag El Niño le hardú teochta, fearthainn throm agus triomach ar fud an domhain ó am go chéile.[1] Mar shampla, meastar go mbaineann cuid den ardú teochta ollmhór timpeall an domhain sa bhliain 2023 le El Niño, a thug teas léi go dtí dromchla an domhain.[2]

El Niño sa bhliain 1997/98 agus NASA
El Niño sa bhliain 1997/98 agus teocht fhoircneach. Foinse: noaa.gov

Sruth séasúrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sruth aigéanach séasúrach aimhrialta ar feadh cósta Pheiriú is ea é, a tharlaíonn timpeall na Nollag (is uaidh sin an t-ainm El Niño nó ‘an naíonán’). Iompraíonn uiscí dromchlacha trópaiceacha te, a gcothaithigh ídithe is a salandacht íslithe, ar feadh cósta Pheiriú thuaidh. Cuireann an t-uisce te seo stop le gnáth-thonnadh aníos an uisce is fuaire agus is saibhre i gcothaithigh a sholáthraíonn cothaithigh do na planctóin, na héisc is na héin de ghnáth.

Ceapadh le fada gur athruithe áitiúla sna gaotha ba chúis leis an bhfeiniméan seo. Ach is eol anois go n-éiríonn sé as feiniméan i bhfad níos mó a athraíonn an brú os cionn an Aigéin Chiúin theas a dtugtar ENSO air (Ascalú Deisceartach El Niño).

Tá an iarmhairt chomhlántach ann freisin le fuarú an Aigéin Chiúin sna blianta idir tarluithe El Niño, agus tugtar La Niña ar an bhfeiniméan sin.[3]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhíonn El Niño dian, is féidir go gclisfidh an slabhra bia is go bhfaighidh méid ollmhór den bheatha sa bhfarraige bás. Bíonn meath is lobhadh na n-orgánach marbh chomh maisiúil sin go dtáirgtear dóthain suilfíd hidrigine chun cabhlacha na long a ruaimniú is iad ag taisteal sa bhfarraige ansin.

Tarlaíonn El Niño gach 2-10 bliain, agus raon torthaí an-suntasacha dá bharr: triomach tubaisteach san Astráil, ardú i leibhéal na farraige is stoirmeacha fíochmhara ar feadh cóstaí thiar Mheiriceá, báisteach chaiseach ar chóstaí Eacuadóir is Pheiriú, cuaranfaí trópaiceacha níos minice ná is gnách, agus geimhrí géara san Eoraip is Meiriceá Thuaidh.

In 1997 bhí cuid de na hiarmhairtí seo níos suntasaí ná mar a chonacthas roimhe, agus athraíodh an aeráid fiú in áiteanna, le méadú mór sa bháisteach ar Oileán Nollag.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2023-12-28). "Met Éireann: 2023 ar an mbliain ba theo riamh" (as ga-IE). 
  2. Nuacht RTÉ (2024-01-09). "2023 ar an mbliain ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid" (as ga-IE). 
  3. Hussey, Matt (2011). "El Niño". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 485.