Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain, 2023
Cineál | tonn teasa |
---|---|
Dáta na bliana | Meitheamh 2023 |
← 2022
| |
Tír | Éire agus an Ríocht Aontaithe |
Cláraíodh an teocht is airde riamh in Éirinn le linn mhí an Mheithimh, 28.8C ar 13 Meitheamh 2023, ag Stáisiún Pháirc na Darach i gCo Cheatharlach.[1]
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]16 céim Celsius a bhí ann mar theocht, ar an meán, i mí an Mheithimh 2023. Ní raibh an meán teocht riamh chomh hard sin le linn mhí an Mheithimh in Éirinn ó 1940.[2] De réir Met Éireann, bhí Meitheamh 2023 an Meitheamh is teo riamh in Éirinn, go dtí sin.[3] Bhí sé ráite ag Oifig na hAimsire ag an am go bhfuil súil le teochtaí níos airde agus le tuilleadh stoirmeacha toirní, de bharr athrú aeráide.[4]
Le linn mhí an Mheithimh 2023, bhí an fharraige ar chósta thiar na hÉireann 5 chéim Celsius níos teo ná mar a bhíonn de ghnáth, údar mór imní d’eolaithe.[5] Le linn mhí Lúnasa 2023, bhí imní léirithe ag Cónaidhm Iascairí na gCeall Beag faoin tionchar atá ag athrú aeráide ar stoc éisc ghil cosúil le trosc, agus an baol ann le hathrú mór i dteocht na farraige amach ó chósta Dhún na nGall, go mbogfaí iasc cosúil le trosc, murlasc agus scadáin go huiscí níos fuaire ó thuaidh.[6]
Bhí sé brothallach in Éirinn i rith mhí Mheán Fómhair.[7][8][9] Bhí cúis iontais ón spéir ag muintir Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, nuair a thit braonacha smúite ón Sahára anuas orthu.[10]
Sasana
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cláraíodh an teocht is airde riamh i Sasana le linn mhí an Mheithimh 2023, níos mó ná 30C.[11]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí foláireamh eisithe ag an Eagras Aimsire Domhanda sa bhliain 2023 go bhfuil Mór-roinn na hEorpa ag éirí níos teo dhá oiread níos tapúla ná na hilchríocha eile.[12]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain, 2022
- Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain, Iúil 2021
- Tonnta teasa san Eoraip, 2022
- Met Éireann
- Téamh domhanda
- Tonn teasa
- Catagóir:Teagmhais aimsire
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Reporter. "REVEALED: Hottest temperature of 2023 recorded in CARLOW, Met Éireann confirm" (en). www.carlowlive.ie. Dáta rochtana: 2023-06-30.
- ↑ Justin Kelly (2023-06-30). "Met Éireann confirm hottest June on record as they give July heatwave update" (en). Irish Mirror. Dáta rochtana: 2023-06-30.
- ↑ "June 2023 will be warmest June on record for Ireland, on both Land and at Sea - Met Éireann - Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann" (ga). www.met.ie. Dáta rochtana: 2023-09-06.
- ↑ Nuacht RTE (2023-06-30). ""An Meitheamh ba theo riamh ar na taifid"" (as ga-IE).
- ↑ "Teaspach mara amach ó chósta na hÉireann a d’fhéadfadh ‘scrios’ a dhéanamh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-06-20). Dáta rochtana: 2023-09-06.
- ↑ RnaG (2023-08-17). "Nuacht an Tuaiscirt: 17 Lúnasa 2023" (as en).
- ↑ "Lá tirim gréine eile geallta, an teocht chomh hard le 26 céim Celsius" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-09-05). Dáta rochtana: 2023-09-06.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-09-07). "Teocht chomh hard le 28 céim inniu, os a chionn sin amárach" (as ga-IE).
- ↑ RTE News (2023-09-08). "Heatwave provisionally recorded as record stays intact" (as en).
- ↑ "Smúit ón Sahára tite anuas ar Chorca Dhuibhne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-09-05). Dáta rochtana: 2023-09-06.
- ↑ Dave Shepherd (2023-06-30). "Weather charts turn red with new summer blast days away" (en). SomersetLive. Dáta rochtana: 2023-06-30.
- ↑ WMO World Meteorological Organisation (2023-06-19). "Europe is warming twice as fast as the global average" (en). euronews. Dáta rochtana: 2023-06-30.