Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain, Iúil 2021

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain, Iúil 2021
Cineáltonn teasa Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse15 - 25 Iúil 2021
Dáta na blianaIúil 2021 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata


Palace Pier, Sasana[1]

Ar 19 Iúil 2021, d’eisigh Met Éireann a chéad Rabhadh Ardteochta riamh, ag comhairliú don phobal a bheith cúramach sa teas.[2] D'eisigh Met Éireann rabhadh buí agus tugadh le fios go bhféadfadh daoine leochaileacha a bheith i mbaol.[3][4][5][6][7]

Níor tharla sé seo riamh cheana. Mar gheall ar bhac ardbhrú agus aermhais trópaiceach na mór-roinne d'éirigh an aimsir níos teo, agus bhí foláireamh eisithe, nach bhfacthas riamh cheana, ag Oifig na hAimsire maidir le "teochtaí thar an gcoitiantacht".[2] Agus b'ait a chruinne a bhí a tuar.

ar foscadh faoin ndroichead

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idir 19-23 Iúil 2021, shroich ar a laghad deich stáisiún aimsire ar fud na hÉireann 'coinníollacha tonnta teasa', cláraíodh teochtaí 25°C ar a laghad ar feadh 5 lá nó níos mó as a chéile. Agus an aimsir níos teo agus níos tirime ná mar is iondúil in Éirinn, bhí an teocht idir 25C agus 31C i rith an lae ar 19-23 Iúil 2021, a bhuíochas do chrios ardbhrú ón iardheisceart.

caoirigh ar foscadh

Bhí sé thar a bheith té thar oíche chomh maith (idir 15 agus 23 céim san oíche). Bhí an céad ‘Oíche Thrópaiceach[8] ag Éirinn le 20 bliain ag Réadlann Dhairbhre i gCiarraí, áit nár thit an teocht thar oíche faoi 20°C.

Shocraigh Tuaisceart Éireann taifead nua don teocht is airde, le 31.3°C bainte amach i gCaisleán na Deirge, Co. Thír Eoghain agus i gCo. Ard Mhacha ar 21 agus 22 Iúil.[2]

Bhí Uisce Éireann ag iarraidh ar dhaoine a bheith spárálach leis an uisce ó tharla nach bhfuil aon bháisteach á tuar.[9]

Sasana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir oifig na haimsire i Sasana rabhadh teasa amach agus teocht chomh hard le 35 céim Celsius á tuar.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Brighton Palace Pier" (as en) . Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 2.2 "Athbhreithniú Aimsire & Aeráide, 2021 - Met Éireann - Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann". www.met.ie. Dáta rochtana: 2022-07-21.
  3. Nuacht RTÉ (2021-07-14). "Brothall an tsamhraidh chugainn, dar leis na caileantóirí" (as ga). 
  4. Nuacht RTÉ (2021-07-16). ""27C ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo"" (as ga). 
  5. Nuacht RTÉ (2021-07-20). "Éire sleabhctha ag brothall thar meán" (as ga). 
  6. Nuacht RTÉ (2021-07-22). "Crios brothallach i lár tíre, beagán faoisimh cois cladaigh" (as ga). 
  7. Raidió na Gaeltachta (2021). "Tús Áite: Dea-aimsir" (ga-IE). Dáta rochtana: 2022-07-21.
  8. "Tropical night" (as en) (2022-07-19). Wikipedia. 
  9. "Dhá rabhadh eisithe ag Met Éireann faoin teas damanta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-21.