Aimsir na bliana 2022

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
aimhrialtacht, Deireadh Fómhair 2022

Bhí aimsir na bliana 2022 is teo dár taifeadadh ariamh in Éirinn agus sa Bhreatain.[1] Sáróidh an meánteocht bhliantúil i mbliana an meánteocht a b'airde ariamh a baineadh amach i 2014. Cé go gcuimhníonn go leor daoine ar an teas mór a bhí ann an samhradh seo, gurb "é an rud is suntasaí in 2022 ná an teas seasta a bhí ann ar feadh na bliana uilig nuair a bhí gach mí seachas Nollaig níos teo ná mar a bheithfí ag súil."[1]

aimhrialtacht, Iúil 2022

Tonnta teasa san Eoraip[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail roinnt mhaith tonnta teasa Éire agus an Bhreatain ó thosach an Mheithimh i mbliana 2022, rud a d'fhág an ceathrú samhradh ab teo a taifeadadh ariamh ann. Sháraigh an mearcair pointe na 40 céim den chéad uair nuair a taifeadadh teocht de 40.3C i Coningsby i Lincolnshire ar an 19 Iúil 2022.

D'eisigh an Oifig Mheitéareolaíochta sa Bhreatain a gcéad rabhadh an-teasa dearg ariamh an mhí chéanna.

Tubaistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail tuilte an Phacastáin idir 14 Meitheamh - Deireadh Fómhair 2022, de thoradh titim throm báistí. Séasúr an mhonsúin a bhí ann, ach bhí an fhearthainn ar scála nach bhfacthas riamh cheana. Bhí aon trian den tír báite.

Cor san aimsir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail stoirm fhiánta Meiriceá Thuaidh i rith mhí na Nollag 2022. Réab an stoirm os cionn 3,200 ciliméadar, idir Texas agus Quebec. 'Buama cioclóin'[2] a bhí an chúis, agus ní minic a tharlaíonn sé sin. Fuair nach mór 100 duine bás[3] de bharr na drochaimsire agus an teocht chomh híseal le 45 céim celsius in áiteanna. [4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-12-28). "2022 ar an bhliain is teo dár taifeadadh ariamh sa Bhreatain" (as ga-IE). 
  2. "Explosive cyclogenesis" (as en) (2022-12-24). Wikipedia. 
  3. "Late December 2022 North American winter storm" (as en) (2022-12-30). Wikipedia. 
  4. Nuacht RTÉ (2022-12-24). "Milliún gan leictreachas sna Stáit Aontaithe de bharr stoirme" (as ga-IE).