Stoirm gheimhridh, Meiriceá Thuaidh, Nollaig 2022
Cineál | Explosive cyclogenesis (en) extratropical cyclone (en) winter storm (en) |
---|---|
Cuid de | 2022-23 North American winter (en) |
Tréimhse | 21 - 26 Nollaig 2022 |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada |
Líon básanna | 91 (30 Nollaig 2022) |
Meán cumarsáide | |
Bhuail stoirm fhiánta Meiriceá Thuaidh i rith mhí na Nollag 2022. Réab an stoirm os cionn 3,200 ciliméadar, idir Texas agus Quebec. 'Buama cioclóin'[1] a bhí an chúis, agus ní minic a tharlaíonn sé sin.
Bhí tuairim is 240 milliún duine buailte ag an ndrochaimsir. Fuair nach mór 100 duine bás[2] de bharr na drochaimsire agus an teocht chomh híseal le 45 céim celsius in áiteanna.[3]
Bhí cúrsaí iompair sna Stáit Aontaithe ina steig meig, bóithre dúnta agus eitiltí curtha ar ceal. Cuireadh tuairim is 5,000 eitilt ar ceal ar 23 Nollaig amháin (agus moill curtha ar 7,600 eitilt eile). Bhí breis is 1.5 milliún duine agus gnó fágtha gan aon chumhacht aibhléise sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada. Dúirt Ranna Iompair, idir Dakota agus Quebec, go raibh cúrsaí go hainnis ar fad, le síobadh sneachta agus bóithre clúdaithe le leac oighir, agus ag moladh go láidir d'áitritheoirí fanacht sa bhaile.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Explosive cyclogenesis" (as en) (2022-12-24). Wikipedia.
- ↑ "Late December 2022 North American winter storm" (as en) (2022-12-30). Wikipedia.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2022-12-24). "Milliún gan leictreachas sna Stáit Aontaithe de bharr stoirme" (as ga-IE).
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |