Tuilte sa Phacastáin, 2022

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTuilte sa Phacastáin, 2022
Colláis
Íomhá
Cineáltuile
tubaiste nádúrtha Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de2022 South Asian floods (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse14 Meitheamh 2022 - 
Tíran Phacastáin Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1,666 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe12,867 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhuail tuilte an Phacastáin idir 14 Meitheamh - Deireadh Fómhair 2022, de thoradh titim throm báistí. Séasúr an mhonsúin a bhí ann, ach bhí an fhearthainn ar scála nach bhfacthas riamh cheana.[1][2]

Chuaigh aibhneacha sa cheantar thar a mbruacha de bharr na díle báistí. Réabadh dambaí móra agus bhí fuarlaigh ar na bóithre.

Bhí breis is 33 milliún duine, nó duine amháin as seachtar, agus aon trian  den tír, buailte ag na tuilte. Fuair breis is 1,600 duine bás.

Rinneadh tithe a leagan agus a scuabadh chun bealaigh. Scriosadh 218,000 teach, agus damáiste déanta do 2 milliún.[3]

frithchaiteas, 2021 vs 2022 (27 Lúnasa 2021 vs 27 Lúnasa 2022)

Ag deireadh mhí Lúnasa, bhí na seirbhísí éigeandála ar a ndícheall i gcónaí ag iarraidh teacht ar dhaoine i gceantair iargúlta a bhí sáinnithe de bharr na tubaiste. Tugadh le fios go mbeadh suas le milliún campa ag teastáil ar mhaithe le teacht i gcabhair ar dhaoine ar scriosadh a dtithe cónaithe. Tharla tuilte sa Phacastáin chomh maith le linn samhradh 2010, agus fuair beagnach 2,000 bás san am sin.[4] Ach bhí na damáistí i bhfad níos measa sa bhliain 2022, agus ag éirí níos deacra a bheith ag maireachtáil sa tír.

Báisteach, Karachi, 2002-2022

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pakistan National Disaster Management Authority. "NDMA". cms.ndma.gov.pk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-09-05. Dáta rochtana: 2022-09-05.
  2. Reuters / Updated: Sep 5, 2022, 13:33 Ist. "Pakistan struggles to avert danger as floods rise, death toll tops 1,300 - Times of India" (en). The Times of India. Dáta rochtana: 2022-09-05.
  3. Nuacht RTÉ (2022-08-29). "1K+ marbh ag tuilte sa Phacastáin" (as ga). 
  4. "2010 Pakistan floods" (as en) (2022-08-29). Wikipedia.