Cóir aeráide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Crann chóir aeráide[1]

Is éard atá i gceist le cóir aeráide ná gurb iad na tíortha is saibhre ar domhan, na truaillitheoirí is mó fadó - agus fós inniu de ghnáth - a íocann a gcion féin den ualach chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus an timpeallacht a chosaint. Ar an taobh eile, is éard atá i gceist le héagóir aeráide ná gurb iad na fir, na mná agus na páistí is leochailí ar domhan na daoine is mó atá thíos le hathrú aeráide.[1] Mar shampla, cé nach bhfuil an Afraic freagrach ach as beagnach 4% d’astaíochtaí an domhain, is í is mó atá thíos le míbhuntáistí an athraithe aeráide de réir na saineolaithe.[2]

Crann chóir aeráide[1]

Roinnt na gcostas[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Act Now", 2019

Baineann bunchúiseanna athrú aeráide go dlúth le stíl mhaireachtála an ró-thomhaltais na dtíortha saibhre. Is iad na daoine bochta leochailleacha a bhfuil a gcearta maidir le bia, fothain, uisce agus beatha i mbaol cheana féin, is mó a fhulaingíonn toisc na héagóra seo.[1]

Tagraíonn cóir aeráide don doicheall a bhíonn ar rialtais na dtíortha tionsclaithe, Éire san áireamh, gníomhartha móra a thógaint chun an ró-thomhaltas a mhaolú.

Braitheann na daoine i nDeisceart an Domhain iarmhairtí athrú aeráide i bhfad níos mó ná mar a bhraithimidne in Éirinn iad. Mar shampla, bhí aon trian  den Phacastáin buailte ag na tuilte sa bhliain 2022, agus cúnamh airgid idirnáisiúnta in easnamh.

Saint Paul, Minnesota

Cóir aeráide in Éirinn?[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Éire ar an dara tír is measa san Eoraip maidir le méid na n-astaíochtaí carbóin in aghaidh an duine.[3]

Ghlac Rialtas na hÉireann sa bhliain 2021 leis an bprionsabal an "truaillitheoir a íocann"; gheall Clár an Rialtais "sin á dhéanamh againn, díreoimid aon arduithe cánach ar na cánacha sin a ghearrann cáin ar seachtrachtaí diúltacha, ar nós cáin charbóin, cáin ar shiúcra agus cáin ar phlaisteach".

Ciste idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn COP 27[4] in Sharm El Sheikh san Éigipt sa bhliain 2022, bunaíodh ciste idirnáisiúnta le teacht i gcabhair ar phobail leochaileacha ar fud an domhain a bhfuil an t-athrú aeráide ag dul i gcion go mór orthu. Don chéad uair, ghlac na tíortha saibhre leis an bprionsabal an 'údar an truaillithe a íocann".

Chuir Éire €10 milliún sa chiste, méid beag bídeach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Trócaire (21 Eanáir 2015). "Athrú Aeráide, Cóir Aeráide". Dáta rochtana: 2022.
  2. Amy Ní Riada (2023-11-13). "Na daoine is boichte ar domhan thíos leis an athrú aeráide" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-12-01.
  3. Professor Hannah Daly (2022-11-07). "Ireland second in the EU for per-capita emissions of greenhouse gases — we must act" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-12-12.
  4. Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2022