Monsún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
míniú iontach de chuid NASA
an monsún sna S-A

Séasúr fearthainne an tsamhraidh, san Aigéan Indiach go háirithe, is ea an monsún, agus gaoth a shéideann aniar aneas sa samhradh agus anoir aduaidh sa gheimhreadh de ghnáth.[1]

Damba Bhatsa le linn an mhonsúin

Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aeráid is ea aeráid monsúin ina mbíonn séasúr fliuch is séasúr tirim a éiríonn ó imirce an chrios inréimneachta idirthrópaicí agus athruithe i dtreo na gaoithe.[2]

Faightear a leithéid i réigiúin thrópaiceacha, san Áise go príomha. I gcás monsúin na hÁise, mar thoradh ar théamh mhais ollmhór na tíre sa samhradh, laghdaítear brú an atmaisféir os cionn na hilchríche. Súitear aer tais isteach ó na haigéin (an monsún aniar aneas), agus titeann an bháisteach.

Sa bhfómhar is lú an chontrárthacht idir tír is aigéan, agus cúlaítear na réigiúin ardbhrú is ísealbhrú. Ansin séideann gaotha fuara tirime anuas ó na Himiléithe (an monsún anoir aduaidh), ag leanúint go dtí an t-earrach.[2]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Braitheann an chuid is mó de thalmhaíocht na hÁise ar an monsún. Ach is athraitheach a theacht ó bhliain go bliain. Má bhíonn moill air, laghdaítear an bháisteach.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Foclóir Beag: monsún" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2022-08-29.
  2. 2.0 2.1 2.2 Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (2011).