6ú Tuarascáil de chuid an Phainéil Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Leabhar6ú Tuarascáil de chuid an Phainéil Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide
Sixth Assessment Report
Cineálsraith
Cárta innéacs
ÚdarMaisa Rojas, José Marengo, Paulo Artaxo, Jochem Marotzke, Alakkat S. Unnikrishnan (en) Aistrigh, Gemma Narisma (en) Aistrigh, Nana Klutse (en) Aistrigh, Linda Mearns (en) Aistrigh, Inés Camilloni (en) Aistrigh, Kim Cobb, Seita Emori (en) Aistrigh, Ed Hawkins (en) Aistrigh, Gabriele C. Hegerl, Sergey Gulev (en) Aistrigh, Peter Thorne (en) Aistrigh, Timothy Osborn (en) Aistrigh, Peter M Cox (en) Aistrigh, Kirsten Zickfeld (en) Aistrigh, Richard Feely (en) Aistrigh, Piers Forster (en) Aistrigh, Venkatachalam Ramaswamy (en) Aistrigh, James Renwick, Jessica E. Tierney (en) Aistrigh, Olga Zolina (en) Aistrigh, Pascale Braconnot (en) Aistrigh, Guðfinna Aðalgeirsdóttir (en) Aistrigh, Tamsin Edwards (en) Aistrigh, Sophie Nowicki (en) Aistrigh, Sonia I. Seneviratne, Carolina Vera (en) Aistrigh, David Karoly, Nadine Unger (en) Aistrigh, José M. Gutiérrez (en) Aistrigh, Daniel Martínez-Castro (en) Aistrigh, Sebastian H. Mernild, Irina Gorodetskaya (en) Aistrigh, Lincoln Muniz Alves (en) Aistrigh, Thanh Ngo-Duc (en) Aistrigh, Jin-ho Yoon (en) Aistrigh, Jens Christensen (en) Aistrigh, Deliang Chen (en) Aistrigh, Bjørn H. Samset, Jana Sillmann (en) Aistrigh, Mouhamadou Bamba Sylla (en) Aistrigh, Claudia Tebaldi (en) Aistrigh, Edvin Aldrian (en) Aistrigh agus Anna Amelia Sörensonn (en) Aistrigh
Foilseachán2021
FoilsitheoirPainéal Idir-Rialtais ar Athrú Aeráide
Le cuidClimate Change 2022: Impacts, Adaptation, and Vulnerability (en) Aistrigh
Climate Change 2021: The Physical Science Basis (en) Aistrigh
Climate Change 2022: Mitigation of Climate Change (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí an tsaothair
Príomhábharathraithe aeráide thar linntí an domhain
Sraith
IPCC report (en) Aistrigh
Scientific consensus - Earth's climate is warming (Temperature Anomaly ℃).png

Foilsíodh an 6ú Tuarascáil de chuid an Phainéil Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIRAA) na Náisiún Aontaithe sa bhliain 2021/2022. Thug an PIRAA foláireamh faoi ghuaiseacha aeráide nach féidir a sheachaint. Foilsíodh

2021 Public opinion on climate change - Yale Program on Climate Change Communication.svg

Deir an IPCC gur in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta go dtí seo, tá athrú aeráide mar gheall ar ghníomhaíocht an chine dhaonna ag cur isteach go mór ar an dúlra agus ag cur isteach isteach ar shaol na billiún duine ar fud an domhain.[5] Deir Cathaoirleach an ghrúpa Hoesung Lee gur foláireamh tubaisteach atá ann maidir leis an tionchar a bheidh ar chúrsaí muna ndéantar gníomhú go pras, agus gur bagairt mhór atá san athrú aeráide ar shláinte daoine agus ar phláinéad sláintiúil ag rá nach leor lagiarrachtaí a thuillleadh.[5]

1.5C nó 4C a bhliain 2090?

An 6ú Tuarascáil, cuid a Dó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is achoimre atá sa Tuarascáil do lucht déanta polasaithe maidir leis an eolas eolaíoch faoin tionchar atá ag athrú aeráide ar chúrsaí. Deirtear sa tuarascáil go bhfuil guaiseacha aeráide nach féidir a sheachaint i ndán don domhan idir na blianta 2022-2042, mar gheall ar théamh domhanda do 1.5C.[5]

Tarlóidh tuilleadh tonnta teasa, triomaigh, agus tuilte. Beidh na milliún duine gann ar bhia agus ar uisce dá bharr cheana féin, go háirithe san Afraic, san Áis agus i lár agus i ndeisceart Mheiriceá Theas chomh maith le ar oileáin bheaga san Artach.[5]

Páistí an lae inniu a mhairfidh go dtí an bhliain 2100, feicfidh siad a ceithre oiread tubaistí aeráide thar mar a bhíonn againne sa lá inniu má ardaíonn an teocht fiú cúpla deichiú cuid de chéim eile. Dar leis na heolaithe idirnáisiúnta seo, má ardaíonn an teocht 2 chéim Celsius eile, beidh ar na páistí sin déileáil lena chúig oiread tuilte, stoirmeacha, triomach, agus tonnta teasa.[6]

Deirtear go gcaithfidh polaiteoirí maoiniú agus tacaíocht a chur ar fáil más leo an chontúirt dhomhanda a mhaolú agus caithfidh an pobal, an earnáil phríobháideach agus na rialtais comhoibriú ar mhaithe leis an gceartas, an comhshaol agus todhchaí na cruinne.[6]

An 6ú Tuarascáil, cuid a Trí[2][3][cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa tuarascáil seo, mhol an Painéal Saineolaithe cur chuige iltaobhach.[4] Fáil réidh le breoslaí iontaise agus díriú ar fhoinsí nach scaoileann carbón ar bith nó fíorbheagán an sprioc atá uathu. Moltar dul i muinín foinsí amhail an ghrian, an ghaoth, uisce, hidrigin nó fuinneamh núicléach.[7]

Moltar chomh maith foirgnimh a dhéanamh níos éifeachtúla in úsáid fuinnimh agus athruithe a dhéanamh ar ár nósmhaireachtaí saoil – gearradh siar ar an méid feola a ithimid agus ar na heitiltí a dhéanaimid. Déantar moltaí sa tuarascáil chomh maith maidir le carbón a bhaint as an atmaisféar – trí chrainnte a chur agus bealaí feirmeoireachta a athrú, srl.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Climate Change 2022: Impacts, Adaptation and Vulnerability" (en). www.ipcc.ch. Dáta rochtana: 2022-03-06.
  2. 2.0 2.1 "Climate Change 2022: Mitigation of Climate Change" (en). www.ipcc.ch. Dáta rochtana: 2022-04-10.
  3. 3.0 3.1 "IPCC Sixth Assessment Report" (as en) (2022-04-10). Wikipedia. 
  4. 4.0 4.1 ""Athrú mór de dhíth le téamh na cruinne a choinneáil faoi smacht"" (as ga) (2022-04-04). 
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 Nuacht RTÉ (2022-02-28). "Foláireamh faoi ghuaiseacha aeráide nach féidir a sheachaint" (as ga). 
  6. 6.0 6.1 "Caithfear ‘an fhaill bheag ghairid’ atá againn a thapú chun an domhan a shábháil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-06.
  7. 7.0 7.1 "‘Anois nó riamh’ – foláireamh na Náisiún Aontaithe faoin athrú aeráide" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-10.