Dubai
| دبيّ (ar) | |||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha | ||||
| Éimíríocht in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha | Dubai | ||||
| Príomhchathair de | |||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 3,944,751 (2025) | ||||
| • Dlús | 112,707.17 hab./km² | ||||
| Teanga oifigiúil | an Araibis | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Achar dromchla | 35 km² | ||||
| Airde | 0 m | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Bunaitheoir(í) | Al Maktoum | ||||
| Cruthú | 9 Meitheamh 1833 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| • Ceannaire an rialtais | Mohammed bin Rashid Al Maktoum (2006–) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Glaochód | 04 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | dm.gov.ae | ||||
Cathair mhór is ea Dubai in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Is é Mohammed Bin Rashid Al Maktoum "rialtóir" Dubai.[1]
1,4 milliún an daonra a bhí ag Éimíríocht Dubai sa bhliain 2006, agus 3.3 milliún in 2020, níos mó ná ceann ar bith eile in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.[2]



Eacnamaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is cathair shaibhir í Dubai. Thosaigh an fás sna 1970idí le peitrilliam agus gás nádúrtha. Tá trádáil, monaraíocht, turasóireacht agus seirbhísí airgeadais níos tábhachtaí anois, áfach.
Foirgnimh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá foirgnimh ann a bhriseadh fríd na néalta dá mbeadh néalta ann agus san oíche lasann siad suas mar a bheadh crainn Nollag ann. Tá foirgneamh amháin ann ar a dtugtar Sparkle Towers fiú.[3][2]
Tá an t-ionad shiopadóireachta is mó ar domhan sa mhórchathair seo, "Dubai Mall". Tá an chathair féin glan, fíorghlan gan oiread agus píosa amháin de bhruscar le feiceáil ó mhaidin go nóin. Déantar an-iarracht an áit a choinneáil chomh glan agus is féidir.[2]
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an chathair suite ar chósta an Aontais, in aice le Murascaill na Peirse. Clúdaíonn éimiríocht Dubai 4114km². Tá Dubai suite i bhFásach na hAraibe, agus is te an aeráid atá ag an éimiríocht.

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa 19ú haois, bhunaigh clann Al Abu Falasa éimiríocht Dubai. Cleithiúnaí Abu Dhabi ab ea Dubai go dtí 1833, nuair a tháinig clann Al Maktoum go Dubai ó Abu Dhabi. Cuid d’Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ab ea Dubai ó 1971 ar aghaidh, nuair a d’fhág a cosantóir, an Ríocht Aontaithe, Murascaill na Peirse.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Mohammed bin Rashid Al Maktoum" (as en) (2024-03-04). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Michelle Nic Pháidín < Meon Eile (4 Márta 2024). "Dubai: airgead as cuimse ach easpa saibhris" (ga-IE). www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-03-04.
- ↑ "Sparkle Towers – Sparkle Towers" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-03-04. Dáta rochtana: 2024-03-04.
