Athrú aeráide sa bhliain 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAthrú aeráide sa bhliain 2023
Cineálevents in a specific year or time period (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana2023 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí an bhliain 2023 go mór fada ar an mbliain is measa ar an dtaifead go dtí sin ó thaobh arduithe ar gháis ceaptha teasa, ar an téamh domhanda agus ar leá na n-oighearshruthanna, de réir an Eagrais Meitéareolaíochta Domhanda, nó an WMO,[1][2][3]

Bhí 2023 ar an mbliain is teo a taifeadadh riamh
Sháraigh an teocht mara in 2023 gach taifead

An teacht is airde riamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 2023 ar an mbliain is teo a taifeadadh riamh. Bhí an teas domhanda in 2023 1.45°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamhthionsclaíoch. Cuireadh saol na milliún duine bunoscionn in 2023 ag triomach, teaspach, tuilte, falscaithe agus cioclóin agus gur deineadh luach na mbilliún euro de dhochar.[4]

Fágann sin gur chuathas an-ghar in 2023 don sprioc a comhaontaíodh i bPáras in 2015 – go gcaithfí an t-ardú ar an teas domhanda a choimeád faoi bhun 1.5 Celsius.

Sháraigh an teocht mara in 2023 a raibh ar an taifead roimhe sin chomh maith agus bhí tonn teasa in os cionn 90% d’fharraigí na cruinne.

Cuireadh saol na milliún duine bunoscionn in 2023 ag triomach, teaspach, tuilte, falscaithe agus cioclóin agus gur deineadh luach na mbilliún euro de dhochar.[1]

Polasaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 19 Márta 2024, thug an tEagras Meitéareolaíochta Domhanda foláireamh go bhféadfadh an t-athrú aeráide an saol a chur trína chéile ar fad.[2] Má fhanann cúrsaí mar atá, deir na Náisiúin Aontaithe gur téamh 3 céim Celsius atá i ndán dúinn agus gur “tubaiste aeráide” an toradh a bheadh air sin. Deir lucht na heolaíochta go gcaithfidh tíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise láithreach bonn má táthar chun an tubaiste a sheachaint.[4][1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 "‘Foláireamh Dearg’ faoin athrú aeráide fógartha ag áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-19). Dáta rochtana: 2024-03-19.
  2. 2.0 2.1 WMO (2024-03-15). "State of the Global Climate 2023" (en). World Meteorological Organization. Dáta rochtana: 2024-03-19.
  3. "Climate change indicators reached record levels in 2023: WMO" (en). World Meteorological Organization (2024-03-15). Dáta rochtana: 2024-03-19.
  4. 4.0 4.1 "‘Foláireamh Dearg’ faoin athrú aeráide fógartha ag áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-19). Dáta rochtana: 2024-03-20.