Cuairt Joe Biden ar Éirinn, 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCuairt Joe Biden ar Éirinn, 2023
Cineálcuairt oifigiúil Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
cruinniú 50 nóiméad le Rishi Sunak i mBéal Feirste

Thug Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cuairt 3/4 lá ar Éirinn ar an 11-14 Aibreán 2023. Ba é an ceathrú Uachtarán ó na Stáit Aontaithe a thug cuairt ar Éirinn.

Rishi Sunak agus Biden

Bhí an tUachtarán Biden in aoi oinigh ag roinnt ócaidí oifigiúla sa Tuaisceart, i mBaile Átha Cliath, i gCo Lú agus i gCo Mhaigh Eo le linn na cuairte B'as Lú agus Maigh Eo cuid de shinsear Joe Biden agus deirtear go bhfuil dáimh agus luí faoi leith aige leis an dá chontae sin.[1]

Lá 1, Dé Máirt, 11 Aibreán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Biden go Béal Feirste ar dtús chun ceiliúradh a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Bhí cruinniú aige le Príomh-aire Shasana Rishi Sunak in Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste[2] ag thart ar 9 a chlog san oíche.

Lá 2, Dé Céadaoin 12 Aibreán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Béar Feirste[cuir in eagar | athraigh foinse]

chuir an Taoiseach Leo Varadkar fáilte roimh Joe Biden

Chaith an tUachtarán an oíche in óstán i mBéal Feirste.[1] agus is ann a bhí cruinniú 50 nóiméad le Rishi Sunak go moch ar maidin aige.

an Tánaiste Micheál Martin agus Joe Biden i gCo an Lú

Ansin labhair Biden in Ollscoil Uladh. D'oscail sé go hoifigiúil campas nua Ollscoil Uladh i lár na cathrach. Bhí idir pholaiteoirí agus ionadaithe ón lucht gnó agus ó chumainn óige páirteach sa searmanas oscailte.[1] Ag trácht dó ar Chreat Windsor, mhaígh an tUachtarán Biden go réitíonn an margadh tráchtála úd na dúshláin phraiticiúla a bhaineann le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach agus go gcaomhnaíonn sé an tsíocháin sa Tuaisceart. Thug sé le fios go raibh na scórtha comhlachtaí Meiriceánacha ag iarraidh infheistiú sa Tuaisceart agus dúirt go raibh buntáistí iontacha eacnamaíochta le baint as Creat Windsor.[3]

Tugadh cuireadh chomh maith do cheannairí na gcúig phríomhpháirtí polaitíochta sa Tuaisceart teacht chuig an ócáid agus bhí deis acu labhairt leis an Uachtarán Biden.

Aerfort Bhaile Átha Cliath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó Béal Feirste a fhágáil,,tháinig an tUachtarán go hAerfort Bhaile Átha Cliath, mar ar chuir an Taoiseach Leo Varadkar fáilte roimhe. Ag cur báistí, nach maith an rud go raibh scáthanna fearthainne acu. Bhí cruinniú faoi leith ag Biden ann le foireann Ambasáid na Stát Aontaithe agus a dteaghlaigh, agus labhair sé chomh maith le hoibrithe ó sheirbhís dóiteáin an aerfoirt.[4]

Chuir an aimsir eang sa roth aige, áfach – nó eang sa rótar ba chirte a rá – mar b'éigean dó aghaidh a thabhairt ar Cho Lú ina ghluaisteán treisithe seachas ar héileacaptar mar a bhí beartaithe.[4]

Thug an tUachtarán Biden cuairt ar Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn

Contae Lú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh sé ar aghaidh go Cairlinn i gContae Lú, an áit a rugadh a sin-sin-seanathair Owen Finnegan, a chuaigh go dtí na Stáit Aontaithe san 1840í. Ba é seo an tríú sciuird ag Biden ar an gcontae ó 2016. Tá gaolta le Biden fós ina gcónaí ann. Thug sé cuairt ar dhún Normannach ag bun Shliabh Feá. Chaith sé am ag siúl timpeall Dhún Dealgan agus dúirt sé gur mór an onóir é teacht ar ais go hÉirinn agus gur bhraith sé go raibh sé ar ais ag baile.[5]

bhuail Biden an Clog Síochána ,a cuireadh i ngairdín Áras an Uachtaráin in 2008 leis na deich mbliana ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta a chomóradh.

Lá 3, Dé Déardaoin, 13 Aibreán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug an tUachtarán Biden cuairt ar Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin agus bhuail sé an Clog Síochána ,a cuireadh i ngairdín Áras an Uachtaráin in 2008 leis na deich mbliana ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta a chomóradh. Chuir sé crann darach sa ghairdín freisin.[6]

Cuireadh an tUachtarán Biden in aithne do dhaoine ón tsochaí shibhialta chomh maith, mar atá, ionadaithe ó Chomhdháil na gCeardchumann, ó Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann agus ó Chomhairle Náisiúnta na mBan.

Ansin.bhuail sé leis an Taoiseach Leo Varadkar ag Teach Farmleigh[7] i bPáirc an Fhionnuisce. Dúirt Varadkar go raibh sé féin agus an tUachtarán Biden ar aon intinn gur faoi na páirtithe polaitíochta ó thuaidh atá sé teacht as an tsáinn, ach nár mhór do Rialtais na hÉireann agus an Breataine mar sin féin obair as lámha a chéile le tacú leis an bpróiseas.[8]

Labhair an tUachtarán Biden os comhar na bpolaiteoirí ó Dháil Éireann agus ón Seanad, agus é ag moladh an naisc leanúnaigh idir Éire agus na Stáit Aontaithe.[9] Thagair sé freisin do choitiantacht an fhocal 'dínit' i mbéala Gael, dar leis. Is focal fíorthábhachtach é, a dúirt sé.

Chríochnaigh sé an tráthnóna le fáilte oifigiúil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Lá 4, Dé hAoine, 14 Aibreán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cnoc Mhuire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Biden an lá deireanach i gContae Mhaigh Eo. Thug sé cuairt ar scrín bheannaithe na Maighdine Muire i gCnoc Mhuire, Co Mhaigh Eo Thug an sagart paróiste an tAthair Richard Gibbons turas na scríne agus Bhaisleac Mhuire don Uachtarán Biden, áit a bhfaca sé an mhósáic cháiliúil de Thaispeánadh na Maighdine. Thaispeáin an tAthair Gibbons dó chomh maith a bhfuil fanta de bhalla na chéad scríne san áit a bhfuil Séipéal an Taispeánta anois.[10] Ansin bhronn an tAthair Gibbons ceann de na clocha ar an Uachtarán Biden.[11]

As sin, chuaigh an tUachtarán ar cuairt chuig Ospís Mhaigh Eo-Ros Comáin atá suite i gCnoc Mhuire. Chas Biden céad fhód na hospíse an uair dheireanach a bhí sé i Maigh Eo in 2017. Bhuail sé le duine dá ghaolta i bhfad amach Laurita Blewitt ag doras na hospíse, áit a bhfuil plaic i gcuimhne Beau Biden.[11]

Go hInis Cua ansin leis le roinnt sloinnteoireachta a dhéanamh in Ionad Oidhreachta agus Ginealais Thuaisceart Mhaigh Eo.

Béal an Átha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ansin thug an tUachtarán cuairt ar Bhéal an Átha, an áit a rugadh a sin-sin-sin-seanathair Edward Blewitt[12], a chuaigh go Meiriceá le linn an Ghorta Mhóir. Bhí ceolchoirm ar siúl sa bhaile leis na Coronas, The Academic agus na Chieftains ag seinm. Tháinig na mílte daoine go dtí an baile chun fáilte a chur roimhe. Labhair sé faoin nasc atá aige leis an gceantar agus lena mhuintir i mBéal an Átha i gcaitheamh na mblianta, gur chuir sé sin go mór leis an lá tábhachtach pearsanta a bhí aige in éineacht leis a chlann féin ar an turas seo.[5][11]

Tar éis na scléipe, thug an tUachtarán Biden sciuird ar Ardeaglais Naomh Muireadhach ar an mbaile. Thug sé óráid phoiblí uaidh lasmuigh den Ardeaglais ag thart ar 9 a chlog. De réir na leabhar oiris, sholáthair Edward Blewitt 25,000 bríce i gcomhair an eaglais a thógáil tríocha bliain sula ndeachaigh sé ar imirce.Tar éis na hóráide, d'fhill an tUachtarán Biden ar Aerfort Chnoc Mhuire agus as sin ar Bhaile Átha Cliath.[13]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2023-04-11). "Tús anocht le cuairt trí lá Joe Biden ar Éirinn" (as ga). 
  2. in aerbhunáit an Gharráin Fhearnóige taobh amuigh de Bhéal Feirste
  3. Nuacht RTÉ (2023-04-12). "Súil ag Biden go mbunófar Feidhmeannas Stormont arís gan mhoill" (as ga). 
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2023-04-12). "Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden i gCo Lú tráthnóna" (as ga). 
  5. 5.0 5.1 Conradh na Gaeilge, Londain (15 Aibreán 2023). "‎Nuacht Mhall: (Ciarraí) on Apple Podcasts" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-04-15.
  6. Comhartha dílseachta atá sa dair, de réir traidisiúin.
  7. an t-áras fáiltithe Stáit atá buailte ar Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhionnuisce
  8. Nuacht RTÉ (2023-04-13). "A cheann curtha isteach ar dhoras Theach Bhán na Feirme ag Biden" (as ga). 
  9. Nuacht RTÉ (2023-04-13). "Béim ar an nasc idir Meiriceá agus Éire in oráid Joe Biden" (as ga). 
  10. Thug an balla uaidh tar éis don iliomad cuairteoirí na clocha a thabhairt abhaile leo amhail is dá mba cheiríní beannaithe iad.
  11. 11.0 11.1 11.2 Nuacht RTÉ (2023-04-14). "Joe Biden ar cuairt ar láthair oilithreachta Chnoc Mhuire" (as ga-IE). 
  12. Duine de chlann Angla-Normannach Blewitt (Blaod nó Bliúit i nGaeilge) ab ea seanathair a shin-seanathar. Ba leasainm é Blewitt ar dhuine gormshúileach nó ar dhuine a chaitheadh éadaí gorma. B'in é Edward Blewitt as Béal an Átha, a chuaigh go Meiriceá i lár an 19ú haois agus a chuir faoi in Scranton, Pennsylvania.
  13. Nuacht RTÉ (2023-04-14). "Fáilte mhór le cur roimh an Uachtarán Biden i gCo Mhaigh Eo" (as ga).