Ben Óg Dunne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBen Óg Dunne
Beathaisnéis
Breith11 Márta 1949
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Samhain 2023
74 bliana d'aois
Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Toirbhirte Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmduine den lucht gnó Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirDunnes, stiúrthóir (–1992) Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairBen Dunne
SiblínMargaret Heffernan

Fear gnó as Contae Chorcaí ba ea Ben Óg Dunne (11 Márta 194918 Samhain 2023). Bhí aithne mhór air mar iar-stiúrthóir ar chomhlachta ollmhargaí Dunnes Stores agus mar bhunaitheoirí Ben Dunne Gyms ar fud na tíre. Ba iad íocaíochtaí Ben Dunne le polaiteoirí a ba chúis le dhá bhinse fiosrúcháin.[1][2]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an duine ab óige de sheisear clainne é i dteaghlach an chomhlachta Dunnes Stores. Ben Dunne ba ea an t-ainm ar a athair chomh maith, Ben Mór Dunne (1908-1983).[3]

Síleadh gurb é Ben Óg a thiocfadh i gcomharbacht ar a athair mar cheannasaí an chomhlachta ach cuireadh cor ina chinniúint nuair a d'fhuadaigh an IRA é i gCo. Ard Mhacha ar an 15 Deireadh Fómhair 1981. Coinníodh ina ghiall é ar feadh seacht lá go dtí gur íocadh airgead fuascailte (is cosúil). D'fhág sé tráma ollmhór air.

Lean sé ar aghaidh ina stiúrthóir ar ghnó a theaghlaigh go dtí gur cúisíodh é i Florida Mheiriceá sa mbliain 1992 as cócaon a bheith ina sheilbh aige agus faoi gur íoc sé as striapach. Tharla easaontas i gclann Dunne ina dhiaidh sin a chuir deireadh lena cheangal le gnó Dunnes Stores. Cheannaigh a dheirfiúr Margaret Heffernan a sciar den chomhlacht ar luach os cionn IR£100 milliún.[1]

I 1997 bhunaigh Ben Dunne sraith sólanna agus ionaid aclaíochta ar fud Bhaile Átha Cliath a raibh rath orthu.

Fuair Ben Dunne bás tobann i Dubai ar 18 Samhain 2023. Bhí sé seachtó ceathrar bliain d'aois agus ar a laethanta saoire sa Mheánoirthear. Mhair bean chéile Dunne agus a gceathrar clainne.

Scannal breabaireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ainm Ben Óg Dunne aitheanta le ceann de na conspóidí a ba mhó i bpolaitíocht na nochaidí. Ba iad íocaíochtaí Ben Dunne le polaiteoirí a ba chúis le dhá bhinse fiosrúcháin.

Sa bhliain 1996, thuairiscigh an t-iriseoir Sam Smyth gur bhronn Ben Dunne suimeanna airgid ar pholaiteoirí aitheanta - ina measc an t-iar aire rialtais le Fine Gael, Michael Lowry agus an t-iar Thaoiseach Charlie Haughey.[4] Bhí ar Lowry, an tAire Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide ag an am, éirí as oifig i mí na Samhna 1996, nuair a scaoileadh amach gur íoc Dunne as costas obair tógála ar a theach cónaithe. Bhronn Ben Dunne £1.3 milliún punt ar Haughey leis na blianta.

Bunaíodh binse fiosrúcháin McCracken i 1997 le iniúchadh a dhéanamh ar na híocaíochtaí sin. Bhí an scannal íocaíochtaí chomh mór sin gurbh éigean an dara binse fiosrúcháin a bhunú faoi stiúir an Bhreithimh Moriarty.

Dhearbhaigh Ben Dunne don bhinse fiosrúcháin go ndearna sé na híocaíochtaí leis na polaiteoirí.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2023-11-19). "An fear gnó Ben Dunne tar éis bháis" (as ga-IE). 
  2. Sean Murray (2023-11-19). "'Ben Dunne led a life less ordinary': Tributes paid to controversial businessman" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2023-11-20.
  3. "Ben Dunne" (as en) (2023-11-19). Wikipedia. 
  4. Sam Smyth (1997-01-01). "Thanks a Million Big Fella" (as English). Blackwater Press. 
  5. "Ben Dunne Gyms" (en-IE). Ben Dunne Gyms (2023). Dáta rochtana: 2023-11-19.