Deirdre Purcell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDeirdre Purcell
Beathaisnéis
Breith1945
Bás13 Feabhra 2023
77/78 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, iriseoir, ban-aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

IMDB: nm0700708 Cuir in eagar ar Wikidata

Údar, craoltóir agus aisteoir Éireannach ba ea Deirdre Purcell (1945 – 13 Feabhra 2023).[1]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Purcell obair ar dtús mar státseirbhíseach agus ansin mar aeróstach le Aer Lingus sna 1960idí. D'éirigh Purcell ansin ina haisteoir le hAmharclann na Mainistreach (Drama at Inish, The Playboy of the Western World, The Ginger Man, srl) sula ndeachaigh sí ag obair le RTÉ.

Chaith sí na blianta ag obair leis an gcraoltóir náisiúnta. Ba í an chéad bhean í a chur an clár nuachta 'Nine o'clock news' i láthair ar an stáisiún. Bhí sí i mbun 'It Says in the Papers' de chuid Morning Ireland ar RTÉ Radio 1 go dtí 2018.

Scríobh Purcell roinnt mhaith úrscéalta, ina measc 'Falling for a Dancer' a ndearnadh leagan teilifíse de sa bhliain 1998.[2] Tá leabhar léi aistrithe go Gaeilge, Tá Jesus agus Billy ag Imeacht go Barcelona.[3][4]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Purcell bás gan choinne ar 13 Eanáir 2023, in aois 78 di. Bhuail stróc í. Maireann a fear céile, Kevin Healy agus beirt mhac léi, Adrian agus Simon Weckler.[1]

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • A Place of Stones (1991)
  • Falling for a Dancer (1993)
  • Ashes of Roses (1994)
  • Roses After Rain (1996)
  • Love Like Hate Adore (1997)
  • Billy and Jesus Are Off to Barcelona (1999) / Tá Jesus agus Billy ag Imeacht go Barcelona (New Island, 2007), ISBN: 978-1-90549-466-9
  • Entertaining Ambrose (2001)
  • Last Summer in Arcadia (2003)
  • Children of Eve (2005)
  • Tell Me Your Secret (2006)
  • The secret (2006)
  • Somewhere in Between (2007)
  • Jesus and Billy Are Off to Barcelona (2008)
  • Days We Remember (2008)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Deirdre Purcell, popular novelist and broadcaster, dies at 77" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-02-13.
  2. Nuacht RTÉ (2023-02-13). "An t-údar Deirdre Purcell tar éis bháis" (as ga-IE). 
  3. Purcell, Deirdre. "Tá Jesus agus Billy ag Imeacht go Barcelona" (ga-IE). NEW ISLAND BOOKS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-02-13. Dáta rochtana: 2023-02-13.
  4. Scéalː Buachaill sé bliana déag d'aois é Billy, a bhfuil gnáthchuma air agus a bhfuil cónaí air ar gnátheastát i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliatha. Ar an taobh eile den scéal, buachaill dathúil é Jesus le béasa ilchríochacha. Is ón gceantar is galánta i mBarcelona é. Tagann sé ar turas ón Spáinn chun cónaí le teaghlach Bhilly ar feadh trí seachtaine samhradh amháin. Rachaidh Billy ar ais le Jesus ar chuairt ar Bharcelona. Ach, níor cheart d'aon duine pleananna a dhéanamh . . .