Jump to content

Ceannairc de chuid an ghrúpa Wagner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCeannairc de chuid an ghrúpa Wagner
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(ru) Марш справедливости Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálceannairc
éirí amach
coinbhleacht armtha
marching (en) Aistrigh
iarracht coup d'état Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósWagner Group (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deWagner Group–Russian Ministry of Defence conflict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse23 - 24 Meitheamh 2023
Dáta na blianaMeitheamh 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ama2023 in Russia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhRúis na hEorpa, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata, Cúige Rostov, An Rúis
Cúige Voronezh, An Rúis
Cúige Lipetsk, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Yevgeny Prigozhin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
CríochphointeMoscó, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
CúisWagner Group–Russian Ministry of Defence conflict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Coinbhleachtionradh na Rúise ar an Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna15 Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide


Rinne fórsaí gallóglach Wagner ceannairc ar an 23–24 Meitheamh 2023 i gcoinne stát na Rúise. Níor mhair an cheannairc ach lá amháin sular stopadar a dturas go Moscó. Le linn an lae, ghlac na fórsaí seilbh ar an mbunáit a bhí ag Arm na Rúise i Rostov na Donu agus chonacthas iad 200km ó Mhoscó nuair a stopadh an cheannairc.[1]

Físeán: Wagner ar a shlí go Moscó

Saighdiúirí tuarastail de chuid na Rúise ba ea an ghrúpa Wagner, a bhí i mbun éirí amach ar an 23–24 Meitheamh 2023. Ghlac na ceannaircí seilbh ar an mbunáit a bhí ag Arm na Rúise i gcathair Rostov-ar-an-Don. Cúpla uair níos déanaí, bhí fórsaí Wagner 200 km ó Moscó, nuair a fógraíodh go raibh deireadh leis an gceannairc.[2]

Putin agus Yevgeny Prigozhin sa bhliain 2010, am nuair a bhí Yevgeny Prigozhin ag obair mar lónadóir

Ag labhairt i ndiaidh na ceannairce, dúirt ceannaire Wagner, Yevgeny Prigozhin nach raibh sé mar aidhm aige Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, a chur de dhroim seoil ach gur theastaigh uaidh a chinntiú go nglacfadh ceannairí na tíre "freagracht as na botúin atá déanta" sa chogaíocht. Ní coup d'état i Moscó a bhí súil aige a bhaint amach ach agóid a léireodh easpa dul chun cinn fheachtas armtha na Rúise san Úcráin.[2]

Cháin Prigozhin fórsaí slándála na Rúise go tréan an athuair agus thug le fios go mbeadh deireadh tagtha i bhfad roimhe sin leis an gcogadh in aghaidh na hÚcráine dá mbeadh an Grúpa Wagner i gceannas ar an ionradh.

Sheachain an bhunaíocht i Moscó an grúpa Wagner a bhí ar a thóir, ach an am céanna, buille mór do Putin ab ea an t-éirí amach.[2]

Ba é an dúshlán is mó i gcoinne Putin le linn a cheannaireachta. Chuaigh Yevgeny Prigozhin – ceannasaí fhórsaí Wagner – ar deoraíocht san Bhealarúis. Mhaígh sé nach raibh coup d’état i gceist ach agóid chun a mhíshásamh le ceannairí an airm a léiriú.

I mí Iúil, bhí sé maíte ag ginearál de chuid Arm na Rúise, Maorghinearál Ivan Popov, gur tugadh bata agus bóthar dó mar gur inis sé an fhírinne do na ceannairí míleata i Moscó. Dúirt sé gur thug sé solas ar fhadhbanna lena n-áirítear easpa airtléire agus saighdiúirí a bheith gortaithe nó maraithe in ionsaithe ón Úcráin. Is cosúil gur chuir Popov na teipeanna seo i leith Valery Gerasimov, Ceannaire an Airm, agus Sergei Shoigu, Aire Cosanta na Rúise, gan a n-ainm a úsáid go neamhbhalbh. Bhí an Chreimil ag iarraidh cur in iúl go bhfuil ceannairí ar fad na tíre ina seasamh gualainn ar ghualainn i ndiaidh an mhéid a thit amach leis an eagraíocht Wagner. Ach ba léir go raibh siad scoilte ar cheist ráth an chogaidh san Úcráin.[3]

Bhí an Grúpa Wagner ag troid ar son na Rúise san Úcráin agus bhí buanna móra acu, go háirithe i mBakhmut, ach tá siad freagach as coireanna cogaidh chomh maith, de réir roinnt tuairiscí.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge, Londain (1 Iúil 2023). "‎Nuacht Mhall: (An Clár)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-07-01.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2023-06-26). "Ní athrú Rialtais sa Rúis a bhí uainn - ceannasaí Wagner" (as ga). 
  3. Conradh na Gaeilge Londain (17 Iúil 2023). "‎Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-07-20.