Jump to content

Toghchán an Chinn Comhairle chun Teach na nIonadaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá, 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Toghchán an Chinn Comhairle chun Teach na nIonadaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá, 2023
 ← 2021 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata 2023 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata  → 
Am3 Eanáir 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
CineálSpeaker of the United States House of Representatives election (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanSpéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Toradh vótála Cuir in eagar ar Wikidata
Hakeem Jeffries  — An Páirtí Daonlathach
212
 
Byron Donalds  — Páirtí Poblachtach
0
 
Kevin Hern  — Páirtí Poblachtach
0
 
Jim Jordan  — Páirtí Poblachtach
0
 
Andy Biggs  — Páirtí Poblachtach
0
 
Donald Trump  — Páirtí Poblachtach
0
 

I Stáit Aontaithe Mheiriceá i dtús mí Eanáir 2023, bhí Teach na nIonadaithe ina chocstí agus an Páirtí Poblachtánach ag iarraidh Ceann Comhairle nua, nó Spéicéir, a thoghadh. Cé go raibh tromlach acu sa Teach, ní raibh siad ar dtús in ann aontú ar éinne, tar éis vóta i ndiaidh vóta. Fuair Kevin McCarthy 203 vóta sa chéad bhabhta, agus 218 gcinn de dhíth, ach d’imigh sé ar gcúl go mall ina dhiaidh. Ní bhfuair sé ach 201 tar éis ocht vóta.[1]

Kevin McCarthy, 2019
Mike Johnson

Bhí fiche Ionadaí ó “Pháirtí na Saoirse”, atá i bhfad amach ar an eite dheis, go láidir ina choinne. Bhí obair an Tí, agus cuid mhór d'obair rialtas na Stát Aontaithe fiú, ar fad i sáinn.[1]

Faoi dheireadh, bhí an lá ag McCarthy sa 15ú bhabhta.

I mí Dheireadh Fómhair 2023, bhí McCarthy curtha as oifig mar Spéicéir. Is é an chéad cheannaire i stair sheomra íochtair Chomhdháil na Stát Aontaithe a baineadh den phost. Vótáil ochtar Poblachtánach ón eite fhíordheis den pháirtí i gcoinne cheannaire a bpáirtí (216 go 210 an vóta).

Níos déanaí, thug Donald Trump a chuid tacaíochta a thabhairt do Jim Jordan, fearr a mheastar le bheith ar dhuine de na polaiteoirí is coimeádaí sa Chomhdháil. Bhí ar an gComhdháil spéicéir a cheapadh roimh an 17ú de mhí na Samhna chun dúnadh féideartha an rialtais a sheachaint.[2]

Toghadh Mike Johnson mar Spéicéir ar 25 Deireadh Fómhair, i bhfad amach ar an eite dheis

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge, Londain (7 Eanáir 2023). "Nuacht Mhall (Maigh Eo)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-01-17.
  2. Conradh na Gaeilge. Londain (2023-10-08). "‎Nuacht Mhall on Apple Podcasts" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-10-11.