Teach na nIonadaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá
(2017) | |||||
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | house of representatives (en) dlínse teach reachtaíochta tofa legislative branch agency (en) | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 1 Aibreán 1789 | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú |
| ||||
| Uachtaránacht | Mike Johnson (2023–) | ||||
| Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe | Mike Johnson | ||||
| Fochomhlacht | |||||
| Úinéir de | |||||
| Codanna | |||||
| Cuid de | Comhdháil na Stát Aontaithe | ||||
| Suíomh gréasáin | house.gov | ||||
Is é Teach na nIonadaithe teach íochtarach Chomhdháil na Stát Aontaithe. An Seanad a thugtar ar an teach uachtarach.[1]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a socraíodh córas bunreachtúil na Stát Aontaithe, theastaigh ó ailtirí an chórais - Aithreacha Bunaithe na Stát Aontaithe, mar a thugann na Meiriceánaigh orthu - dhá sheomra parlaiminte a chur ar bun. Is é an ról a cheap siad do Theach na nIonadaithe ná toil na sluaite a chur in iúl. San am céanna, bhí siad den tuairim go mbeadh gá leis an Seanad le maolú ar na hathruithe a thiocfadh ar intinn na sluaite agus na n-ionadaithe.
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ionadaíocht chionmhar ag muintir gach Stát de réir a dhaonra. Sa bhliain 2023, bhí ceithre chéad tríocha cúigear ionadaí ar an Teach, líon a socraíodh in Acht an Ath-Chionroinnte, nó an Reapportionment Act, sa bhliain 1929, ach más gá, tá na cumhachtaí ag an gComhdháil an líon seo a athrú. Caitheann gach ionadaí téarma dhá bhliain ar an Teach, agus is féidir é a atoghadh arís agus arís eile, gan teorannú ar bith. Is iad baill an Tí a thoghann Ceann Comhairle an Tí, nó an Speaker, mar a thugtar air as Béarla.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ senate.gov (2023). "House of Representatives". Dáta rochtana: 2023.