Inphléascadh fhomhuireán Titan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtInphléascadh fhomhuireán Titan
Íomhá
Map
 41°43′42″N 49°56′32″W / 41.7283°N 49.9422°W / 41.7283; -49.9422
Cineállongbhriseadh
timpiste loinge Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana18 Meitheamh 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomhwreck of the RMS Titanic (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, uiscí idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
TírCeanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisinphléascadh Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachHamish Harding paisinéir
Suleman Dawood (en) Aistrigh paisinéir
Shahzada Dawood paisinéir
Stockton Rush operator (en) Aistrigh
Paul-Henri Nargeolet paisinéir Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna5 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe0 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon ar iarraidh0 (22 Meitheamh 2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na marthanóirí0 Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide


Mion-fhomhuireán ba ea an Titan, a phléasc san Atlantach Thuaidh, in aice le Talamh an Éisc (Ceanada), ar 18 Meitheamh 2023. Bhí an Titan ag tabhairt turas faoin raiceáil RMS Titanic nuair a gearradh an chumarsáid idir í agus lucht a stiúrtha ar bharr na farraige. Tharla inpléascadh tubaisteach is cosúil.

an comhlacht turasóireachta OceanGate Expeditions i mbun

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stockton Rush, i mbun Oceangate agus píolóta ar an Titan

Ar 23 Meitheamh 2023, aimsíodh píosaí den fhomhuireán ceithre chiliméadar faoin uisce agus leathchiliméadar ó ghualainn raiceáil an Titanic (atá 690 km amach ó chósta Thalamh an Éisc agus chomh fada síos le 3,800 méadar). Dealraíonn sé gur inphléasc cuasán brú an fhomhuireáin agus gur inphléasc an t-árthach go gairid tar éis di a bheith ligthe síos san uisce ag an long stiúrtha.[1]

an Titan déanta as snáithín carbóin, athchúrsáilte ó Boeing agus rogha conspóideach

Tharla an timpiste ar 18 Meitheamh. Bhraith gléasra sonóra Chabhlach na Stát Aontaithe troimpléasc sa limistéar farraige gar don Titanic ar an lá sin Ina theannta sin, bhí baoithe sonóra san uisce ar feadh cúpla lá sular aimsíodh smionagar an fhomhuireáin inné agus ní raibh aon torann mór ná troimpléasc braite acu i gcaitheamh an achair sin.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é an comhlacht turasóireachta OceanGate Expeditions a d'eagraigh an turas. Reáchtálann an comhlacht turasanna go dtí dromchla na farraige timpeall an domhain Chosnaigh ticéad ar an Titan go dtí raiceáil an Titanic beagnach 250,000 euro.[2]

Ní raibh an Titan i gcruth maith farraige is cosúil. Ní bhfuair an soitheach Deimhniú Mhuiracmhainneachta riamh. Bhí an Titan déanta as snáithín carbóin, athchúrsáilte ó Boeing, rogha a tharraing conspóid.

Bhí an fear gnó, Stockton Rush, ar a chomhairle féin amháin. In uiscí idirnáisiúnta, bhí OceanGate in ann na rialacháin sábháilteachta a sharú.

B'iad an cúigear a bhí san fhomhuireán

  • an toicí as an mBreatain Hamish Harding, 58 bliain;
  • an fear gnó as an bPacastáin Shahzada Dawood, 48 bliain agus a mhac Sulaiman, 19;
  • an taiscéalaí as an bhFrainc Paul-Henry Nargeolet, 77 bliain;
  • agus bunaitheoir an chomhlachta ar leis an t-árthach, OceanGatem agus píolóta, Stockton Rush, 61 bliain.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2023-06-23). ""Inpléascadh tubaisteach" a bhain do mhion-fhomhuireán an Titan" (as ga). 
  2. Conradh na Gaeilge, Londain (24 Meitheamh 2023). "‎Nuacht Mhall: (Ciarraí)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-06-24.
  3. Nuacht RTÉ (2023-06-20). "Mórchuardach fós ag dul ar mhion-fhomhuireán san Atlantach" (as ga-IE).