Snáithín carbóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhar an-láidir ó thaobh teannais a dhéantar trí theaschóireáil rialaithe snáithíní aicrileacha. Nuair a fhítear i bhfabraic iad, bíonn siad go hiontach chun gás nimhiúil a ionsú, fo-éadaí cosanta a dhéanamh do shaighdiúirí, agus cochall iarta a dhéanamh. I bhfad níos láidre ná cruach, agus úsáidtear iad in ábhair shaorga lannacha a bheadh láidir is éadrom in aerárthaigh is roicéid. Úsáidtear iad freisin mar threisiú i bplaistigh (mar shampla, i slata iascaigh, raicéid, scíonna, clogaid is camáin)