Iascaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilIascaigh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°17′19″N 8°57′42″W / 54.2886°N 8.9617°W / 54.2886; -8.9617
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Shligigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1416772

Baile i dtuaisceart Chontae Shligigh is ea Iascaigh[1] (Easky as Béarla). Tá sí suite ar an gcósta Atlantach, 26 mhíle ó Shligeach agus 15 mhíle ó Bhéal an Átha i gContae Mhaigh Eo. Tagann an t-ainm ón fhocal Gaelach 'iasc', agus tá an bhrí atá leis ná 'flúirse d'éisc', mar gheall ar an Abhainn Iascaigh atá suite in aice léi. Ar dtús, bhí an t-ainm 'imleach íseal' ar pharóiste Iascaigh.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá saibhreas de stair agus oidhreacht nasctha leis an sráidbhaile agus an fhairsinge ina thimpeall.

Caisleán Ros Laoi[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh i 1207, ba é an caisleán an baile do na Taoisigh Ó Dabhda ó Tír Éire. Tógadh é ar dtús d'Oliver MacDonnell, a tháinig ansin chun baintreach Ó Dabhda a phósadh. Sprioc daingean in iarthar Co. Shligigh, tá sé suite ar ché Iascaigh. Tá cuid mhaith den chaisleán bunúsach caillte anois de bharr imeacht ama, ach fós, tá corp an chaisleáin fágtha. 63 throigh ar airde, leis an bpointe is airde darbh ainm 'leaba an mhairnéalaigh'.

An Charraig Scoilte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an R297, ag imeacht amuigh go dtí Sligeach sa mbaile fearainn Cillín Dubh, is ea an bollán ón Aois Leac Oighir darbh ainm áitiúil 'an charraig scoilte'. De réir finscéil áitiúil bhí an charraig scoilte mar gheall ar argóint idir dhá fhathach ar na Sléibhte Gámh, ceann amháin acu ab ea Fionn Mac Cumhaill. Deirtear go ndúnfaidh sé suas má shiúlann aon duine idir an dá thaobh trí uaire.

  1. Iascaigh/Easky | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.