Plaisteach
Ar dtús, aon ábhar bog domhúnlaithe, ach anois roisíní saorga orgánacha ar féidir iad a bhogadh trí théamh is ansin a mhúnlú nó a theilgean i bhfoirm éigin nua. Cuid acu atá teirmithéachtach (mar shampla, roisín feanóilfhormaildéid), ní féidir iad a bhogadh arís trí théamh, ach i bplaistigh eile atá teirmeaplaisteach (mar shampla, poileitiléin is poilisteiréin) is féidir iad a bhogadh ar an dóigh chéanna arís is arís eile. Is féidir plaistigh a dhearadh le breiseáin éagsúla chun go mbeidh raon airíonna acu: cobhsaíocht faoi raon teochta, seoladh leictreach, insliú leictreach nó teirmeach, dianscaoileadh nádúrtha tapa in ithir, agus eile.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |