Díchumadh plaisteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Díchumadh dochúlaithe ábhair atá faoi strus thar ghéillphointe an ábhair sin (a theorainn leaisteach, an t-uas-strus ag a dtárlaíonn díchumadh leaisteach inchúlaithe don ábhar). Má mhéadaítear an strus thar an bpointe seo, tarlaíonn díchumadh díréireach mór (agus dochúlaithe) don ábhar, go mbriseann sé faoi dheireadh. Is ábhair insínte ábhair ar féidir leo díchumadh plaisteach an-mhór a fhulaingt roimh bhriseadh (mar shampla, an chuid is mó de na miotail). Is ábhair bhriosca ábhair nach féidir leo ach díchumadh plaisteach an-bheag a fhulaingt.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Díchumadh plaisteach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 210.