Hélène Carrère d'Encausse
Jump to navigation
Jump to search

Hélène Carrère d’Encausse sa bhliain 2013 in Strasbourg
Staraí agus bean polaitíochta Francach is ea Hélène Carrère d’Encausse, a rugadh ar 6 Iúil 1929 san 16ú arrondissement de Pháras. Tá sí ina ball de l'Académie Française ó 1990 i leith, ar toghadh í mar bhuanrúnaí sa bhliain 1999.
Tá Carrère d'Encausse de shliocht Seoirseach ar thaobh a hathar. D'uaisleacht na tíre muintir a hathar agus Rúisis, ní Seoirsis, a d'fhoghlaim sí mar a céad theanga. Fágadh beo bocht iad i ndiaidh Réabhlóid na Rúise. D'fhoghlaim Hélène Fraincis sa Bhriotáin nuair a bhí sí os cionn ceithre bliana d'aois. Tá sí de shliocht Iodálach ar thaobh a máthar. Maraíodh athair Hélène sa bhliain 1944.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |