Ruathar ar institiúidí an stáit sa Bhrasaíl, 2023
| ||||
Cineál | agóid ionsaí iarracht coup d'état ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | coup demonstrations and protests in Brazil after the 2022 elections (en) ![]() ![]() | |||
Dáta na bliana | 8 Eanáir 2023 ![]() | |||
Suíomh | Three Powers Plaza, An Bhrasaíl (en) ![]() ![]() ![]() | |||
Tír | An Bhrasaíl ![]() | |||
Jair Bolsonaro ![]() | ||||
Líon na rannpháirtithe | 4,000 ![]() | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | coup míleata agus coup d'état ![]() | |||
Líon gortaithe | 40 ![]() | |||
Damáistithe | Bird (en) ![]() Bandeira do Brasil (en) ![]() National Congress Palace (en) ![]() Palácio do Planalto (en) ![]() Brazilian Federal Supreme Court Palace (en) ![]() Bailarina (en) ![]() Araguaia (en) ![]() As Mulatas (en) ![]() A Justiça (en) ![]() O Flautista (en) ![]() ![]() | |||
Scriosta | pendulum clock gifted to João VI of Portugal (en) ![]() ![]() | |||
Líon na ngabhálacha | ||||
Ar 9 Eanáir 2023, thug lucht tacaíochta an iaruachtaráin Jair Bolsonaro ruathar ar institiúidí an stáit sa Bhrasaíl, na tithe comhdhála, áras an uachtaráin agus cúirt uachtarach na tíre. Bhris.na "Bolsonaristas" isteach sna foirgnimh stáit sin agus rinneadh scrios orthu. Bhí na foirgnimh fágtha ina sceathrach acu.[1]
Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí lucht tacaíochta Bolsonaro míshásta le toradh na dtoghchán sa Bhrasaíl i mí Dheireadh Fómhair, tráth a fuair Lula an ceann is fearr ar Bolsonaro a bhí i gcumhacht ar feadh ceithre bliana roimhe sin. Chreid na Bolsonaristas gur toghchán cam a bhí ann.
Bhí an chuma air go raibh na hagóideoirí ag iarraidh aithris a dhéanamh ar na Meiriceánaigh a rinne ionsaí in Washington sa bhliain 2021, cé nár éirigh leosan an rialtas a chur as cumhacht ach oiread.[2]
Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tugadh ar a laghad 4,000 leantóirí breise isteach ar bhusanna chun páirt a ghlacadh san ionradh. Ar na meáin shóisialta a eagraíodh an rud ar fad, i dtimpeallacht lán teoiricí comhcheilge.[3]
Shínigh Uachtarán na Brasaíle Lulaordú a thugann cumhachtaí speisialta don rialtas agus do na póilíní in Brasília an t-ord poiblí a chur ar bun arís sa chathair. Tharla caismirtí idir na fórsaí slándála agus lucht tacaíochta Bolsonaro agus gabhadh os cionn 300 loitiméir.
Iarracht ar 'Coup d'Etat'[cuir in eagar | athraigh foinse]
Coup d’état a bhí ar intinn ag na loitiméirí, is cosúil[3]. Tháinig deireadh le deachtóireacht na nGinearál thiar i 1988 agus bhí an lucht agóide ag súil go mór le idirghabháil mhíleata. Cháin Bolsonaro an ruathar ar na foirgnimh chomh maith agus shéan sé nár ghríosaigh sé an slua. Dúirt sé, áfach, go raibh sé de cheart ag daoine léirsiú go síochánta.
Níor mhair an éirí amach ach cúpla uair an chloig ach cáineadh go láidir í sa Bhrasaíl agus thar lear. Dúirt Uachtarán na Brasaíle Lula gur "fogha faisisteach" a bhí san ionsaí ar na foirgnimh stáit. Chuir sé Gobharnóir na Dúiche Feidearálaí agus príomhoifigeach Slándála Poiblí na dúiche céanna as oifig go sealadach toisc nach raibh dóthain póilíní ar fáil – d’aon ghnó, gach seans – chun srian a choinneáil leis na loitiméirí.[3]
Meáin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Lula
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-01-09). "An Bhrasaíl: foirgnimh stáit ina sceathrach tar éis ruathair" (as ga-IE).
- ↑ Conradh na Gaeilge (14 Eanáir 2023). "Nuacht Mhall (podcast), Tiobraid Árann" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-01-17.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Alex Hijmans (9 Eanáir 2023). "TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ionsaí déanta ag sceimhlitheoirí ar institiúidí an daonlathais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-09.