Jair Bolsonaro
Bhí Jair Messias Bolsonaro (a rugadh ar an 21 Márta 1955 i nGlicério, São Paulo) ina uachtarán ar an mBrasaíl idir an 1 Eanáir 2019 agus an 31 Nollaig 2022. Bhí sé ar an uachtarán is coimeádaí agus is conspóidí dá raibh i gceannas ar an tír sin riamh.[1]








Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 28 Deireadh Fómhair 2018, "baineadh creathadh as an domhan nuair a toghadh an pobalóir fíorchoimeádach, ciníoch, faisisteach, homafóbach, frithbhanda agus gunna-ghrách Jair Bolsonaro ina uachtarán ar an mBrasaíl".[2]
Insealbhaíodh Jair Bolsonaro i dtús 2019. Ar an 25 Eanáir 2019, bhris damba de chuid an chomhlachta mhianadóireachta Bhrasaíligh Vale i mbaile Brumadinho i stát Minas Gerais i gceartlár na Brasaíle. Maraíodh 276 duine. Chuir rialtas Bolsonaro srian le rialacha timpeallachta, "bac ar fhorbairt eacnamaíoch na Brasaíle" dar leis.[3]
Pé pleananna a bhí ag Jair Bolsonaro don tír, is cinnte gur chuir an phaindéim Covid de dhroim seoil iad. Ag an am céanna, rinne éagumas agus ainriail Bolsonaro go leor dochair. Fuair nach mór 700,000 Brasaíleach bás ó Covid-19, líon níos airde ná i dtír ar bith eile ach amháin na Stáit Aontaithe. Agus idir 2020-2021, tháinig méadú 23 faoin gcéad ar líon na ndaoine sa Bhrasaíl a bhí faoi bhun thairseach na bochtaineachta, agus ardú 48 faoin gcéad ar líon na ndaoine nach bhfuil acu ach ón lámh go dtí an béal.[4]
2022
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuaigh Lula an toghchán uachtaránachta in aghaidh Bolsonaro ar 31 Deireadh Fómhair 2022.[5] Fíorbheagán — 50.9% den vóta le hais 49.1% — a bhí idir Lula agus Bolsonaro.[6]
2023
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 8 Eanáir 2023, thug lucht tacaíochta Bolsonaro ruathar ar institiúidí an stáit i mBraisilia, na tithe comhdhála, áras an uachtaráin agus cúirt uachtarach na tíre.[7] Níor éirigh leo coup d'état a chur i bhfeidhm áfach.
- D’aimsigh na póilíní feidearálacha fianaise go raibh Bolsonaro ar an eolas faoi phleananna an t-uachtarán Lula, an leasuachtarán Geraldo Alckmin, agus breitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí Feidearálaí, Alexandre de Moraes, a dhúnmharú.[1]
2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2025, bhí Bolsonaro cúisithe as iarracht a dhéanamh coup d’état a chur i gcrích in Eanáir 2023.[8] Ar an 11 Meán Fómhair ciontaíodh an t-iaruachtarán as iarracht coup d’état a dhéanamh; ciontaíodh seachtar leathbhádóirí lena chois. Ghearr Cúirt Uachtarach Fheidearálach na Brasaíle téarma príosúin 27 mbliana agus trí mhí air, as iarrachtaí an daonlathas a chur de dhroim seoil agus as bac a chur ar uachtarán reatha na tíre teacht i gcumhacht.[1]
Dúirt Aire Cúrsaí Eachtracha na Stát Aontaithe, Marco Rubio, gur breith ‘éagórach’ atá ann agus ‘go mbeidh aisfhreagra cuí ag na Stáit Aontaithe ar an bhfeachtas géarleanúna seo’.
Ní raibh cead ag Bolsonaro seasamh i dtoghchán níos mó. Bhí deiseanna achomhairc ag an iaruachtarán, atá faoi bhraighdeanas baile agus a bhfuil air bráisléad a chaitheamh timpeall ar a rúitín ón 18 Iúil 2025 i leith.
"Trumpach"
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leathbhádóir de chineál de chuid an Trumpaigh (Donald Trump) atá in Jair Bolsonaro, agus a gcuid dearcthaí coimeádacha as an áireamh, tá rud eile i gcoitinne ag an mbeirt: an chaoi ar ghríosaigh an bheirt acu a lucht tacaíochta féin chun ionsaithe a dhéanamh ar an daonlathas – an t-ionsaí ar an gCaipeatól in Washington DC ar an 6 Eanáir 2021, agus na hionsaithe ar thithe éagsúla de chuid an rialtais in Brasília ar an 8 Eanáir 2023.
‘Géarleanúint’ agus ‘coir i gcoinne na gcearta daonna’ a thug Trump ar chinneadh Chúirt Uachtarach na Brasaíle bráisléad leictreonach a chur ar rúitín Bolsonaro. Mar fhreagra ghearr Trump táille iompórtála 50 faoin gcéad ar mhórchuid earraí ón mBrasaíl.[8]

Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Bolsonaro isteach san arm sa bhliain 1974. D'fhág Bolsonaro an t-arm in 1988 mar Chaptaen. Bhí sé ag beartú ionsaithe in aghaidh na n-údarás le linn na tréimhse sin, rud a tharraing conspóid, ach níor cuireadh pionós air riamh.
Phós Bolsonaro trí huaire:
- Rogéria Nantes Braga – a chéad bhean chéile; is í máthair a thriúr mac: Flávio, Carlos agus Eduardo Bolsonaro.
- Ana Cristina Valle – a dara bhean chéile; bhí sí páirteach i roinnt conspóidí polaitiúla leis níos déanaí.
- Michelle de Paula Firmo Reinaldo Bolsonaro a rugadh ar an 22 Márta 1982 (27 bliain níos óige) agus ina Chéad-Bhean na Brasaíle ó 2019 go 2022. Tá sí líofa i Libras (teanga chomharthaíochta na Brasaíle). Rugadh iníon dóibh, Laura Bolsonaro, sa bhliain 2010.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Luiz Inácio Lula da Silva, Dilma Rousseff
- Tubaiste Brumadinho
- Olltoghchán na Brasaíle, 2022
- Ruathar ar institiúidí an stáit sa Bhrasaíl, 2023
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Alex Hijmans (12 Meán Fómhair 2025). "Tá teacht aniar sa daonlathas – téarma príosúin 27 bliain gearrtha ar Bolsonaro" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-12.
- ↑ "‘Tá mo chnaipe núicléach níos mó ná do cheannsa’ agus scéalta eile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-01-13.
- ↑ Alex Hijmans (6 Feabhra 2019). "TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ceisteanna á gcur faoi thubaiste mhianadóireachta Brumadinho…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-25.
- ↑ Alex Hijmans (14 Nollaig 2022). "TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ceithre bliana d’éagumas agus ainriail – ach beidh deireadh gan mhoill le réimeas Jair Bolsonaro" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ Alex Hijmans (31 Deireadh Fómhair 2022). "TUAIRISC ON mBRASAÍL: Lá eile ag an Lúlach agus na tinte ealaíne ag pléascadh os mo chionn…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-31.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-10-31). "An Bhrasaíl: Lula caithréimeach, Bolsonaro ciúin" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-01-09). "An Bhrasaíl: foirgnimh stáit ina sceathrach tar éis ruathair" (as ga-IE).
- ↑ 8.0 8.1 Alex Hijmans (6 Lúnasa 2025). "An Bhrasaíl: an t-iaruachtarán Bolsonaro curtha faoi bhraighdeanas baile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-06.