Tubaiste Brumadinho

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTubaiste Brumadinho
Íomhá
28 Eanáir 2019
Map
 20°07′11″S 44°07′17″W / 20.1197°S 44.1214°W / -20.1197; -44.1214
Cineáltailings dam failure (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana25 Eanáir 2019 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBrumadinho dam disaster flooded area, An Bhrasaíl (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Brumadinho, An Bhrasaíl (en) Aistrigh
Córrego do Feijão, An Bhrasaíl (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Bhrasaíl Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Vale (operator (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
OibreoirVale Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisdam failure (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna269 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe23 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon ar iarraidh3 Cuir in eagar ar Wikidata
DamáistitheBrumadinho (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide


Ar an 25 Eanáir 2019, bhris damba de chuid an chomhlachta mhianadóireachta Bhrasaíligh Vale i mbaile Brumadinho i stát Minas Gerais i gceartlár na Brasaíle.[1] Maraíodh 276 duine.

láibshreabhadh
trasghearradh

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

léirscrios

I mí na Samhna 2015, tharla a macasamhail de thubaiste gar do bhaile Mariana, 120 ciliméadar soir ó dheas.[2] Maraíodh naoi nduine dhéag sa tubaiste sin agus rinneadh scrios ar an mbeatha sa Rio Doce nuair a sciorr rabharta láibe truaillithe isteach san abhainn sin. Ba le fochomhlacht de chuid Vale, Samarco, an damba a bhris sa chás sin.

léirscrios

Gearradh fíneálacha ar Samarco[3].agus cuireadh tús le caingean aicmeach thar lear.

Rialtas de chuid na heite clé, faoi stiúir Dilma Rousseff, a táinsíodh sa bhliain 2016, a bhí i gcumhacht nuair a bhris an damba i Mariana. Is cosúil go raibh mórchuid polaiteoirí de chuile dhath i bpócaí na gcomhlachtaí mianadóireachta.[1]

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réab rabharta láibe trí chaifitéire ina raibh na céadta oibrithe de chuid an chomhlachta ag ithe. Bhí coirp 270 duine faighte agus in 2024, bhí seisear fós ar iarraidh. Tarrtháladh nach mór 400 duine ón láib agus iad fós ina mbeatha ag an am.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2019, ní raibh sa tír ar fad ach ceathrar cigirí chun monatóireacht a dhéanamh ar na dambaí. I stát Minas Gerais amháin, tá os cionn ceithre chéad damba cosúil leis na cinn a bhris, agus dúirt na húdaráis ag an am nach raibh siad in ann barántas a thabhairt faoi shábháilteacht dhá cheann déag acu sin.

Bhí an nua-liobrálach Michel Temer i gceannas ar an tír ag an am agus in ainneoin na rabhadh ar fad ní dhearnadh aon rud a choiscfeadh tubaiste den chineál a tharla in Brumadinho in 2019. Theip ar iarrachtaí a rinneadh reachtaíocht a thabhairt isteach a chuirfeadh cosc ar dhambaí den chineál a bhris, dambaí a mbaintear úsáid astu chun dramhaíl mhianadóireachta choinneáil i dtaiscumair ollmhóra. Insealbhaíodh Jair Bolsonaro, uachtarán fíorchoimeádach, in 2019 agus chuir a rialtas srian le rialacha timpeallachta, "bac ar fhorbairt eacnamaíoch na Brasaíle" dar leis.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Alex Hijmans (6 Feabhra 2019). "TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ceisteanna á gcur faoi thubaiste mhianadóireachta Brumadinho…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-25.
  2. "Mariana dam disaster" (as en) (2023-12-23). Wikipedia. 
  3. Estado de Minas (2016-03-02). "[https://www.em.com.br/app/noticia/nacional/2016/03/02/interna_nacional,739506/dilma-usa-acordo-com-samarco-para-cobrar-consenso-em-solucao-para-cris.shtml Dilma usa acordo com Samarco para cobrar consenso em solu��o para crise]" (pt-BR). Estado de Minas. Dáta rochtana: 2024-01-25.