Láib

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Buataisí lábacha

Is éard is láib ann ná ithir, dúrabhán, siolta, nó cré measctha le huisce. De ghnáth, faightear láib in aice le foinsí uisce nó tar éis titim báistí. Ar an amscála geolaíoch, cruann dríodair láibe chun carraigí dríodair a fhoirmiú, mar shampla sceall nó láibchloch (ar a dtugtar lúitítí).

Téarmaí Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • clábar
  • greallach
  • guta
  • lábán
  • lathach
  • maothlach
  • pluda
  • puiteach
  • sláthach

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]