Sceall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de mineralSceall

Aicmiú
CatagóirMianra
Airíonna

Carraig dríodair a cruthaíodh den chuid is mó ó fhosuithe cré táite is dlúite. Bíonn ineamhnaitheacht shainiúil ar feadh na bplánaí fosaithe, is é sin, scoilteann sé go héasca ar feadh dromchlaí comhthreomhara le spáis bheaga eatarthu mar gheall ar threoshuíomh na bplátaí de mhianraí cré. Bíonn dóthain ábhair orgánaigh lofa i sceallaí ola gur féidir ola a eastóscadh as trí dhriogadh millteach.[1]

Iontaise i sceall
Sceall ar Mhársa

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sceall". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 582.