Iontaise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ocenebra erinacea 

Iarsma d'orgánach a bhí beo uair amháin atá iompaithe go cloch agus gafa go domhain i sraith íochtarach carraigeacha is ea iontaise. Ciallaíonn sé sin go raibh rud beo ann uair amháin ach go bhfuil sé athraithe go cloch agus gafa sa charraig anois.

Cumtar iontaise nuair a imoibríonn mianraí san uisce faoin talamh le creatlaigh plandaainmhí, na mianraí seo ag glacadh páirte sa struchtúr in ionad dúl eile, ionas go gcruthaítear macasamhail den bhunphlanda nó an bunainmhí.

Iontaise as Loch Aillíon,

De bhrí go bhfuil na sraitheanna íochtaracha carraigeacha níos seanda ná na sraitheanna uachtaracha, ní mór gur ó thréimhse gheolaíoch níos seanda aon speiceas a fhaightear i sraith íochtarach ná ceann a fhaightear i sraith uachtarach.

Ó fhianaise seo na n-iontaisí, déanann na pailé-ointeolaithe staidéar ar éabhlóid na beatha ar Domhan, ó na hiontaisí is ársa — na halgaí gormghlasa a mhair timpeall 3,500 milliún bliain ó shin — go dtí na speicis bheatha atá ar Domhan inniu.

Iontaisí in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

crosóg mhara beo in Éirinn inniu

Sna 1980idí fuair an Dochtúir Éamon Doyle iontaise i gcarraig i gConamara[1]. Níor fhéach eolaithe ar an iontaise go dtí an bhliain 2017. Crosóg mhara a bhí inti. Bhí sí an-bheag agus tá sí 435 milliún bliain d’aois! Ní raibh na dineasáir féin ar an saol ag an am sin.

Léiríonn sé sin go raibh Conamara – agus Éire iomlán – faoin bhfarraige fadó fadó. Agus tá gaolta leis an gcrosóg mhara fós beo i bhfarraigí na hÉireann agus gan mórán athraithe orthu ó shin.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Eleathanach, 22 Eanáir 2018
  2. Hussey, Matt (2011). "Iontaise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 377.