Crosóg mhara
Appearance
Asterias rubens | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Echinodermata |
Aicme | Asteroidea |
Ord | Forcipulatida |
Fine | Asteriidae |
Géineas | Asterias |
Speiceas | Asterias rubens Linnaeus, 1758 |
Is méadail mhéarach í an chrosóg mhara (Asterias rubens).[1]
Crosóga in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 1980idí fuair an Dochtúir Éamon Doyle iontaise i gcarraig i gConamara[2]. Níor fhéach eolaithe ar an iontaise go dtí an bhliain 2017. Crosóg mhara a bhí inti. Bhí sí an-bheag agus tá sí 435 milliún bliain d’aois. Ní raibh na dineasáir féin ar an saol ag an am sin.
Léiríonn sé sin go raibh Conamara – agus Éire iomlán – faoin bhfarraige fadó fadó. Agus tá gaolta leis an gcrosóg mhara fós beo i bhfarraigí na hÉireann agus gan mórán athraithe orthu ó shin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““common starfish” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ↑ Eleathanach, 22 Eanáir 2018
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |