Mianraí cré

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sileacáití hidriúla i bhfoirm leathán a dhéanann criostail mhíne screamhacha, ar féidir leo uisce a ionsú, rud a thugann don chré a hairíonna sainiúla plaisteacha nuair a bhíonn sí fliuch. Cruthaítear iad mar thoradh ar shíonchaitheamh carraigeacha, agus go minic sil-leagann aibhneacha iad. Is grúpaí tábhachtacha mianraí cré iad caoilínít, montmairíllinít is illít. Úsáidtear iad mar líonaigh i bpáipéar, rubar, péint is eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Mianraí cré". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 453.