Síonchaitheamh (próiseas)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Síonchaitheamh)
creimeadh in Jebel Kharaz (an Iordáin)
síonchaitheamh criathrach i mBoirinn, Contae an Chláir

Is éard atá i gceist le síonchaitheamh ná próiseas ina mbaineann iarmhairtí fisiciúla, ceimiceacha is eile na haimsire dromchla na talún chun siúil agus cruthaítear taobh tíre leata cobhsaí.[1]

An Earagail (Contae Dhún na nGall) agus síonchaitheamh imoighreach

Próisis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá próisis go leor ann: síonchaitheamh meicniúil nó fisiceach (an saghas is fearr aithne de), siocdhingeadh,[2] toisc síonchaithimh bhithcheimicigh, gníomhaí bitheolaíoch síonchaithimh, síonchaitheamh bitheach, síonchaitheamh uaimhiúil, síonchaitheamh criathrach (sa phictiúr), síonchaitheamh ceimiceach (sa phictiúr), síonchaitheamh oinniúnach, síonchaitheamh imoighreach, síonchaitheamh seismeach, síonchaitheamh sféaróideach, srl.[3] Mar shampla, is oibreán ceimiceach síonchaithimh agus is gníomhaí fisiceach síonchaithimh é uisce, chomh maith le heilimintí go leor eile.

Maidir le síonchaitheamh fisiceach, cruthaíonn próisis theicteonacha i screamh an Domhain sléibhte fillte is bolcáin, agus baineann na próisis dhromchlacha ábhar chun siúil an t-am ar fad, á iompar isteach sna farraigí faoi dheireadh.[1]

Síonchaitheamh ceimiceach: próisis sa talamh

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cruthaíodh fillsléibhte na hÉireann na céadta milliún bliain ó shin. Bhí na sléibhte i bhfad níos airde tráth ná mar atá siad anois. D’ídigh an bháisteach, na haibhneacha, an sioc, an t-oighear agus an ghaoth iad thar na blianta.[4] Síonchaitheamh a thugtar air sin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Hussey, Matt (2011). "Síonchaitheamh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 601.
  2. nó sioc-chaitheamh
  3. ""weathering"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-09-10.
  4. forasnagaeilge.ie. "Ilchríocha an Domhain". Dáta rochtana: 2023.