An Bhoirinn
| (en) The Burren | ||||
| Cineál | Réigiún nádúrtha, limistéar faoi chosaint agus carst | |||
|---|---|---|---|---|
| Logainm.ie | 1165549 | |||
| Suíomh | ||||
| Limistéar riaracháin | Contae an Chláir, Éire agus Boirinn, Éire | |||
| ||||
| Codanna | ||||
| Tréithe | ||||
| Achar | 360 km² | |||
| Suíomh Oidhreachta Domhanda sealadach | ||||
| Am | 4 Lúnasa 2010 | |||
| Aitheantóir | 5522 | |||
| Catagóir II IUCN: Páirc Náisiúnta | ||||
Ceantar in iarthuaisceart Chontae an Chláir í an Bhoirinn[1] (litriú malartach an Bhoireann). Tá sí 300 ciliméadar cearnaithe ar leithead. Tá cáil ar an dúiche mar gur d'aolchloch maol atá sí déanta don chuid is mó. Tá sé seo i bhfoirm carst, agus é gaolta leis na leaca aolchloiche in Oileáin Árann amach ó chósta na Boirne. Ciallaíonn an focal boireann tírdhreach clochach, carstach. Tá saibhreas dúlra sa Bhoirinn, agus plandaí na Meánmhara, Na nAlp agus an Artaigh ann nach bhfaightear in aon cheantar eile in Éirinn.
Tá pluaiseanna an Aill Bhuí sa cheantar, agus tagann na mílte chuile bhliain ar cuairt orthu.
Clinteanna agus Gríoga
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tugtar gríoga ar na scáintí (nó creabháis) sa phábháil aolchloiche a chruthaítear idir bloic aolchloiche ar a dtugtar clinteanna. Sampla amháin iad gríoga den iomad gnéithe carst nó boirne a chruthaítear nuair a thuaslagann uisce báistí an aolchloch.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Boirinn/Burren | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-07-31.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Bhoireann - leathanach ag Leabharlann Chontae an Chláir
