Jump to content

Batailit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Batailit

Mais an-mhór carraige ionsáite doighearthaeibhear(ar a dtugtar freisin carraig phlútónach), de réir cineáil — a sádh nuair a leáigh sí isteach i gcarraig an cheantair máguaird, thar 100 km2, ag dul síos chuig doimhneacht anaithnid is ea batailit (ón Ghréigis: bathos, domhain + lithos, carraig). Sainchomhartha ar chreasa oraigineach is creasa fo-dhuchtaithe, cosúil le baitilit na nAindéas i Meiriceá Theas agus Sraithraon an Chósta in Alasca is iarthar Ceanada.[1] De ghnáth, déantar batholítí de charraigeacha feilseacha nó de chomhshuíomh idirmheánach den chuid is mó, mar shampla eibhir, monsóinít ghrianchloichedióirít (féach freisin cruinneachán eibhir).

B'fhéidir go measfadh go bhfuil siad aonfhoirmeach, ach i ndáiríre is struchtúir iad le startha agus comhdhéanaimh casta. Tá siad comhdhéanta de mhaiseanna ilghnéitheacha, nó plútóin , coirp de bhruthcharraigeacha de thoisí neamhrialta (de ghnáth ar a laghad roinnt ciliméadar) is féidir iad a aithint ó bhruthcharraigeacha in aice láimhe le roinnt comhcheangal de chritéir lena n-áirítear aois, comhdhéanamh, uigeacht, nó struchtúir inléarscáilte.[2] Soladaítear plútáin aonair ó mhagma a thaistil i dtreo an dromchla ó chrios a bhí ag páirtleá in aice le bonn screamh an Domhain.

Go traidisiúnta, mheastaí gur chruthaíodh na plútóin seo trí dhreapadh an mhagma sách buacach ina mheallta móra ar a dtugtar diaphirí phlútacha. Ós rud é go bhfuil na diaphirí leachtaithe agus an-te, bíonn siad ag ardú tríd an charraig shaindúchasach máguaird, á bhrú ar leataobh agus ag leá í go pointe áirithe. Ní thagann an chuid is mó de na diapirí ar an dromchla chun bolcánáin a dhéanamh, ach ina ionad sin moillíonn siad, fuaraíonn siad, agus de ghnáth soladaíonn siad 5 go 30 ciliméadar faoi thalamh mar plútóin (ag tagairt do dhia Rómhánach an domhain thíos Plútón). Is é an dearcadh malartach ná go n-eascraíonn plútóin go coitianta ní trí dhreapadh diaphirí mhagma, ach trí chomhbhailiúchán méideanna níos lú de mhagma, a thagann chun cinn mar dingeáin.[3]

Cuirtear batailit i gcruth nuair a thagann go leor plútón le chéile chun stráice mór de charraige eibhreach a dhéanamh. Bíonn cuid de na batailití ollmhór, ag dul comhthreomhar thar bráid criosanna fodhuchtaithe an am i láthair agus roimhe seo agus foinsí teasa eile i gcomhair na céadta gciliméadar de chuid na screimhe ilchríochacha. A leithéid de bhatailit is ea an Sierra Nevada Batholith, atá ina fhoirmíocht leanúnach eibhreach a dhéanann cuid mhór den Sierra Nevada i gCalifornia. Faightear batailit níos mó, an Coast Range Arc, le fáil den chuid is mó i Sléibhte an Chósta (Béarla: Coast Mountains) in iarthuaisceart Cheanada; leathnaíonn sí le haghaidh 1,800 ciliméadar agus sroicheann sí oirdheisceart Alasca.

Léiriú dromchla agus creimeadh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Limistéar sceirdiúil de charraige plútónacha leanúnacha (den chuid is mó) a chlúdaíonn ceantar níos mó ná 100 ciliméadar cearnach is ea batailit. Tugtar stoic ar cheantair atá níos lú ná 100 ciliméadar cearnach. Mar sin féin, tá formhór na mbatailití atá le feiceáil ag an dromchla (trí lomáin) i bhfad níos mó ná 100 ciliméadar cearnach. Nochtar na limistéir seo ar dromchla trí phróiseas creimthe arna luasú ag [[oraigineas] (ardú ilchríochach) ag gníomhú ar feadh tréimhse de na milliúin go dtí na céadta milliúin bliain. Bhain an próiseas seo roinnt ciliméadar cearnach de charraige na forsraithe i roinnt mhaith ceantar, ag nochtadh na batailití a bhí tráth go domhain faoi thalamh.

Tá brú ollmhór éagsúil ag na batailití ag nó gearr don dhromchla, agus a n-iarshuíomh go domhain san talamh. Mar thoradh air sin, leathnaíonn a gcriostalstruchtúr beagán le himeacht ama. Léiríonn sé seo trí chineál olltraoitear a dtugtar scamhadh. San shíonchaitheamh seo, scarann leatháin dhronnacha carraigeacha, a bhíonn measartha tanaí, ó dhromchlaí nochta na mbatailití (próiseas ar a dtugtar siocdhingeadh). An toradh a bhíonn air an phróiseas ná go mbíonn aghaidheanna carraigeacha chothromaithe ar na carraigeacha. Is é an Half Dome (nó Ti-sa-ach, san teanga Ahwánais, i nGleann Yosemite)[4]) toradh aitheanta ar an bpróiseas seo.

  1. Hussey, Matt (2011). "Batailit". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 65.
  2. Petersen, James F. (2017). "Physical Geography (11th edition)": 614. Boston: Cengage Learning Inc.. 
  3. "Introduction to the geology of southern California and its native plants" (2007). Berkeley: University of California Press. 
  4. Dayton Duncan, Ken Burns: The National Parks. Alfred A. Knopf, 2009. ISBN 978-0-307-26896-9. Seite 260