Crios fodhuchtaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Crios fodhuchtaithe

Crios ina bhfuil pláta screamhach amháin den Domhan á bhrú síos, faoi bhun pláta eile (is á fhodhuchtú) ina ngluaiseann síos sa mhaintlín le bheith gafa go hiomlán isteach ann. Tá creasa fodhuchtaithe anois thart ar imeall an Aigéin Chiúin mar a bhfuil trinsí doimhne. Baint acu le creathanna talún, gníomhaíocht bholcánach agus cruthú stuanna oileán, cosúil leis an tSeapáin is Oileáin Ailiúit.