Dingeán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dingeán

Leathán ceartingearach carraige doigheartha a ghearrann trí bhuncharraig na háite is a instealladh faoi bhrú nuair a bhí sé leáite. Faightear saithí dingeán gathach a tharla sa phróiseas cruinneachánaithe i gcomhar le hionsá mór carraige doigheartha. Faightear córais dingeán comhthreomhar a tharla mar thoradh ar an teannas gar do na dromanna i lár na n-aigéan. Comhdhéanta as carraig bhunata dhoigheartha (dolairít, de ghnáth) is féidir le tiús an dingeáin a bheith cúpla ceintiméadar suas go dtí na deicheanna méadar, agus fad an dingeáin a bheith suas leis na céadta ciliméadar.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dingeán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 212.