Luiz Inácio Lula da Silva

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Luiz Inácio Lula da Silva
Alberto Fernández y Luiz Inácio Lula da Silva en São Paulo 2022 (3) (cropped).jpg
Brazilian federal deputy (en) Aistrigh


Dúiche: São Paulo (en) Aistrigh
Toghchán: 1986 Brazilian legislative election (en) Aistrigh
35. Uachtarán na Brasaíle

Eanáir 1, 2003 - Eanáir 1, 2011
Fernando Henrique Cardoso - Dilma Rousseff
Saol
Eolas breithe Caetés (en) Aistrigh, 27 Deireadh Fómhair 1945 (77 bliain d’aois)
Náisiúntacht An Bhrasaíl
Áit chónaithe São Bernardo do Campo
Teanga dhúchais An Phortaingéilis
Muintir
Athair Aristides Inácio da Silva
Máthair Eurídice Ferreira de Melo
Céile/Céilí Maria de Lurdes da Silva (en) Aistrigh  (1969 -  1971)
Marisa Letícia Lula da Silva  (1974 -  Feabhra 3, 2017)
Rosângela Lula da Silva (en) Aistrigh  (Bealtaine 18, 2022 -
Páistí
Oideachas
Teangacha An Phortaingéilis
Gairm
Gairm ceardchumannaí, polaiteoir agus turner (en) Aistrigh
Duaiseanna
Jawaharlal Nehru Award for International Understanding  (2006)
enllaç= Grand Cross of the Order of the Bath  (2006)
enllaç= Collar of the Order of Isabella the Catholic‎ : Juan Carlos I na Spáinne  (Iúil 11, 2003)
enllaç= Great Cross of the National Order of Scientific Merit
Bruno Kreisky Award for Services to Human Rights
Letelier-Moffitt Human Rights Award  (2003)
Félix Houphouët-Boigny Peace Prize  (2008)
Indira Gandhi Peace Prize  (2010)
Princess of Asturias Award for International Cooperation
Four Freedoms Award - Freedom Medal
Chatham House Prize  (2009)
World Food Prize  (2011)
North–South Prize
enllaç= Grand Cross with diamonds of Order of the Sun of Peru : Alejandro Toledo  (Lúnasa 24, 2003)
enllaç= Grand Cross of the Military Order of the Tower and Sword  (Márta 5, 2008)
enllaç= Grand Cross of the Order of the Southern Cross
enllaç= Grand Collar of the Order of the Andes' Condor  (2007)
Catalonia International Prize  (2012)
enllaç= Order of Rio Branco
enllaç= Order of Naval Merit
enllaç= Order of Liberty : Viktor Yushchenko  (Samhain 24, 2009)
enllaç= Order of the Elephant  (Meán Fómhair 12, 2007)
enllaç= Grand Cross of the Order of Boyacá : Álvaro Uribe  (2005)
enllaç= Order of the Star of Ghana
enllaç= Order of the Companions of O. R. Tambo
enllaç= Order of Umayyad : Bashar al-Assad  (2010)
enllaç= Order of Omar Torrijos Herrera
enllaç= Order of King Abdulaziz al Saud
enllaç= Order of the Eagle of Zambia
enllaç= Order of Amilcar Cabral 1st Class  (2004)
enllaç= Order of Prince Yaroslav the Wise, 1st class : Leonid Kuchma  (Deireadh Fómhair 20, 2003)
Princess of Asturias Award for International Cooperation  (2003)
enllaç= National Order of Merit
enllaç= Grand Collar of the Order of Liberty  (Iúil 23, 2003)
honorary doctor of the National University of Rosario
honorary doctorate of the National University of San Marcos
honorary doctorate of the University of Salamanca
enllaç= Grand Cross of the National Order of Benin  (2013)
enllaç= Order of the Equatorial Star
enllaç= Order of Aeronautical Merit
honorary doctorate of the University of Coimbra
enllaç= Amílcar Cabral Medal : Malam Bacai Sanhá (en) Aistrigh  (2010)
enllaç= Collar of the Order of the Aztec Eagle  (2010)
enllaç= National Order of Merit : Abdelaziz Bouteflika  (Feabhra 7, 2006)
Cleamhnú
Reiligiúin Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Páirtithe polaitíochta Páirtí na nOibrithe
IMDb nm1300752
lula.com.br
Instagram lulaoficial
Twitter LulapeloBrasil agus LulaOficial
TikTok lulaoficial
Signature of Luiz Inácio Lula da Silva.svg

Polaiteoir de chuid na heite clé, iaruachtarán na Brasaíle, agus uachtarán tofa sa bhliain 2022, is ea Luiz Inácio Lula da Silva, a rugadh ar 6 Deireadh Fómhair 1945.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Lula ar an saol ar 6 Deireadh Fómhair 1945 in oirthuaisceart thur thirim na Brasaíle. Nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois, shocraigh a mháthair teitheadh ón triomach agus ón anachain. Thug sí a muirear go cathair São Paulo: trí lá dhéag ar chúl leoraí.[1]

Lula sa pharlaimint, 1988

Ceardchumannaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Lula an chuid is mó de na 1970idí agus tús na 1980idí ag troid i gcoinne na deachtóireachta míleata, a bhí i réim ag an am sin. Agus é ina ard-rúnaí ar Cheardchumann na nOibrithe Miotail in São Bernardo do Campo, cathair thionsclaíoch i mór-réigiún São Paulo, bhí sé i gceannas ar shraith stailceanna ollmhóra a rinne dochar mór millteach d’eacnamaíocht na Brasaíle ar fad – ceann de na cúiseanna gur tháinig deireadh, sa bhliain 1985, le réimeas na nginearál.[1]

Bhunaigh Lula agus daoine eile Páirtí na nOibrithe (nó an 'PT') sa bhliain 1980. Bhí Lula ina uachtarán ar an bpáirtí ó na 1980idí ar aghaidh.[2]

Lula agus a bhean, Marisa Letícia, sa bhliain 2003

Uachtaránacht 2003-2011[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2002, tar éis gur theip air faoi thrí, toghadh é ina uachtarán ar an mBrasaíl den chéad uair agus atoghadh é in 2006. Bhí Lula ina uachtarán ar an mBrasaíl idir an 1 Eanáir 2003 agus an 1 Eanáir 2011.

Tháinig feabhas mór millteach ar chaighdeán saoil na cosmhuintire agus na meánaicme araon.

Thug a chuid polasaithe sóisialta dhá scór milliún duine slán ón mbochtanas, tháinig deireadh leis an ocras agus tháinig fás as cuimse ar an meánaicme.[1]

Scannal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn do Lula a bheith i gceannas ar an mBrasaíl, tharla an scannal calaoise is mó riamh i stair na tíre sin: scéim cheannaithe vótaí a cuireadh ar bun d’fhonn a chinntiú go dtabharfadh ionadaithe páirtithe eile i gcomhrialtas Lula tacaíocht do pholasaithe Pháirtí na nOibrithe.

Shéan Lula i gcónaí go raibh sé féin ar an eolas faoin scéim sin agus cé gur cuireadh ar neamhní téarma príosúin a gearradh air cúig bliana ó shin maidir le líomhaintí eile, lean boladh na caimiléireachta é féin agus Páirtí na nOibrithe ó shin.

As oifig, 2011-2022[cuir in eagar | athraigh foinse]

Táinsíodh comharba Lula, Dilma Rousseff, ar bhealach conspóideach sa bhliain 2016 agus tháinig Jair Bolsonaro chun cinn.

Toghadh Bolsonaro in 2018 agus tá sé ina uachtarán ar an mBrasaíl ón 1 Eanáir 2019 i leith. Is é an chéad uair riamh é i stair na tíre nár atoghadh uachtarán don dara tréimhse, agus is dócha gur léargas ann féin an méid sin ar a oidhreacht.

2022ː Lula ag an Convenção Nacional do PSB

2022[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh Lula an toghchán uachtaránachta arís ar 31 Deireadh Fómhair 2022. D'éirigh an Lúlach ina uachtarán ar an mBrasaíl den tríú huair, in aois 77 dó ag an am.[1]

Fíorbheagán — 50.9% den vóta le hais 49.1% — a bhí idir é agus a chéile comhraic, Jair Bolsonaro ón eite dheis.[3] Ní raibh idir an bheirt iarrthóirí ach oiread na fríde: níos lú ná 2 mhilliún vótaí.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Alex Hijmans (31 Deireadh Fómhair 2022). "TUAIRISC ON mBRASAÍL: Lá eile ag an Lúlach agus na tinte ealaíne ag pléascadh os mo chionn…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-31.
  2. "Workers' Party (Brazil)" (as en) (2022-11-01). Wikipedia. 
  3. Nuacht RTÉ (2022-10-31). "An Bhrasaíl: Lula caithréimeach, Bolsonaro ciúin" (as ga-IE).