Ruathar ar an gCaipeatól (2021)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtRuathar ar an gCaipeatól
Íomhá
Map
 38°53′23″N 77°00′33″W / 38.8897°N 77.0092°W / 38.8897; -77.0092
Cineálagóid
ionsaí
iarracht coup d'état
ceannairc
éirí amach
livestreamed crime (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de2020–2021 United States election protests (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana6 Eanáir 2021 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amapresidency of Donald Trump (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhUnited States Capitol, SAM (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíProud Boys (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Donald Trump Cuir in eagar ar Wikidata
SpriocComhdháil na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
CúisToghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2020 Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisDomestic reactions to the 2021 storming of the United States Capitol (en) Aistrigh
international reactions to the 2021 storming of the United States Capitol (en) Aistrigh
Táinseamh faoi dhó Donald Trump Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachBrian D. Sicknick
Rosanne Boyland (en) Aistrigh
Kevin Greeson (en) Aistrigh
Ashli Babbitt (en) Aistrigh
Benjamin Philips (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna5 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe ≥ 50 garda Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireBaked Alaska
Jake Angeli
Ashli Babbitt (en) Aistrigh
Richard "Bigo" Barnett (en) Aistrigh
Derrick Evans (en) Aistrigh
Simone Gold (en) Aistrigh
Adam C. Johnson (en) Aistrigh
Klete Keller
Eric Gavelek Munchel (en) Aistrigh
Jon Schaffer
Matt Maddock (en) Aistrigh
Rick Saccone
Brandon Straka (en) Aistrigh
Nicholas Languerand (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na ngabhálacha
luach ar iarraidh (6 Meitheamh 2023)
1,265 (5 Eanáir 2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Haischlib#revolution, #fightback, #firingsquad, #CapitolRiot, #J6, #Jan6 agus #j6 Cuir in eagar ar Wikidata


Cé gur chaill Trump Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe in 2020 le breis is seacht milliún vóta, sheas sé leis an scéal gur aige a bhí an bua, bréag a spreag daoine chun ruathar a thabhairt faoin gCaipeatól na Stát Aontaithe i mí Eanáir 2021.[1]

Rinne drong de lucht tacaíochta Donald Trump, Uachtarán Mheiriceá ag an am, ruathar ar Chaipeatól in Washington D.C. ar 6 Eanáir 2021. D'éirigh le cuid acu a slí a dhéanamh isteach san fhoirgneamh. Fuair cúigear bás le linn an ruaille buaille (ceathrar agóideoir agus póilín amháin).[2] Gortaíodh 138 póilín. Chuir 4 póilín eile a bhí ann lámh ina mbás féin le linn na bliana 2021.[3]

Washington DC, 6 Eanáir 2021
Deorghás
Ionadaithe
Iarmhairt

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí toradh thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe ar tí a bheith deimhnithe ag polaiteoirí Chomhdháil na tíre. Ag an am céanna, thug Trump agus muintir Trump óráidí inar mhaígh siad gur toghchán calaoiseach a bhí i dtoghchán na Samhna 2020, maíomh bréige a rinneadh nuair a chaill Trump in aghaidh Joe Biden.

Roimhe sin, rinne Trump iarrachtaí brú a chur ar oifigigh phoiblí toradh an toghcháin a chur ar ceal.

Ansin thosaigh lucht Trump ag léirsiú taobh amuigh den fhoirgneamh, an Caipeatól, agus fearg orthu faoi thoradh an toghcháin sular thug siad rúid ar an áit.[4] Thosaigh an agóid ag 2:15 p.m, tráth a raibh lucht Theach na Comhdhála agus an tSeanaid i mbun díospóireachta faoi iarracht a bhí á déanamh ag grúpa Poblachtánach toradh an toghcháin a chur ar ceal.[5]

Chuaigh na hagóideoirí thar lucht slándála, bhris siad fuinneoga, dhréim siad thar na ballaí agus d'éirigh le cuid acu dul chomh fada le seomraí tionóil na Comhdhála. Scaoil na póilíní le deorghás agus d’ardaigh siad a ngunnaí nuair a bhí lucht na círéibe ar tí briseadh isteach.

Bhásaigh cúigear le linn na caismirte. Chaith na póilíní féin duine acu; fuair an triúr eile bás de bharr éigeandálacha leighis agus bhásaigh póilín amháin.[3] B'éigean deimhniú thoradh an toghcháin a chur ar fionraí de bharr na scliúchas. Tugadh baill na Comhdhála agus an tSeanaid slán ón bhfoirgneamh nuair a réab an drong isteach ann, bratacha ar foluain acu agus féiníní á nglacadh acu. Ansin ghabh na póilíní smacht ar áit ar deireadh agus d'fhill na polaiteoirí ar na seomraí tionóil.

Tar éis díospóireachta, deimhníodh go foirmiúil gur 306 coláiste toghcháin a bhí buaite ag Joe Biden i mí na Samhna 2020 agus 232 ag Donald Trump.

Freagairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

An rialtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Donald Trump “tírghráthóirí den scoth” ar a lucht tacaíochta ar dtús. Oíche Chéadaoin (6 Eanáir) chuir Trump tvuít amach inar iarr sé ar dhaoine an áit a fhágáil go síochánta mhol sé go hard iad agus dúirt sé gur daoine “speisialta” iad. Dúirt sé i gceann de na tvuíteanna sin gur “sciobadh” an toghchán ó “thírghráthóirí den scoth” agus gurb é sin ba chúis leis an ruathar ar an gCaipeatól. “Go home with love & in peace. Remember this day forever!” arsa Trump.

Agus tús á chur athuair le himeachtaí aige, dúirt an leasuachtarán Mike Pence, “Sibhse a chuir ár gCaipeatól trí chéile inniu; ní agaibhse a bhí an bua. Ní bhíonn an bua in am ar bith ag an bhforéigean. Ag an tsaoirse a bhíonn an bua. Agus seo Teach na nDaoine go fóill…Fillimis ar an obair.”

Ach an la dár gconn, dúirt Trump go raibh sé ag iarraidh aistriú socair cumhachta agus go mbeadh athmhuintearas i measc mhuintir na tíre, agus cháin sé iompar a lucht tacaíochta.[6] Ar aon nós, níor ghéill Trump gur chaill sé an toghchán.

Cassidy Hutchinson

Thug roinnt daoine ina rialtas féin tabhairt le fios go raibh siad ag éirí as mar gheall ar an ruathar. Mhaígh siad go raibh siad ag éirí as a gcuid cúraimí mar nach bhféadfaidís leanacht orthu ag obair do dhuine a ghríosaigh a lucht tacaíochta le dul i mbun foréigin.

Cassidy Hutchinson, Trump, srl ar Air Force One, 2021
Trump, Enda Kenny, agus Wilbur Ross, 16 Márta 2017.

In áiteanna eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh an scéala i bhfeidhm go mór ar an bpobal,

Bhí an Taoiseach Micheál Martin i measc na gceannairí ar fud an domhain a bhí an-tógtha faoin scéala agus a cháin an méid a tharla.

Táinseamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Táinsíodh Teach na nIonadaithe an 45ú uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump don dara huair ar 13 Eanáir, 2021, seachtain amháin sular tháinig deireadh lena théarma agus insealbhú Joe Biden mar uachtarán ar an 20 Eanáir.

Fianaise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 29 Meitheamh 2022, thug Cassidy Hutchinson fianaise ar iompar agus meoin Trump sna laethanta thart ar an ionsaí ar an Capitol. Thug sí fianaise chomh maith ar iompar agus meoin Trump.

Príomhalt: Cassidy Hutchinson

Ciontuithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 22 Iúil 2022, fuarthas Steve Bannon ciontach i 2 chúis bainteach le dímheas a léiriú do Theach na Comhdhála. Bhí dlúthbhaint aige le Trump sna cúiseanna gur dhiúltaigh sé fianaise nó cáipéisí a chur ar fáil do choiste roghnach i dTeach na nIonadaithe.[7]

Cúis coiriúil i leith Donald Trump[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 19 Nollaig 2022, bhí moladh déanta ag coiste comhdhála go gcuirfí ceithre chúis coiriúil i leith Donald Trump, an chéad uair gur mhol Comhdháil na Stát Aontaithe go gcuirfí an dlí ar iar-Uachtarán. Shocraigh baill an choiste le vóta d’aon ghuth gur cheart don roinn dlí agus cirt Trump a thabhairt os comhair na cúirte.[8]

Ba iad na cúiseanna sin,

  • cothú nó tacú le héirí amach;
  • bac a chur ar phróiseas oifigiúil (ar imeacht imscrúdaithe oifigiúil);
  • comhcheilg ar mhaithe le calaois a dhéanamh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá; agus
  • comhcheilg ar mhaithe le ráiteas bréige a dhéanamh, go neamhdhleathach go feasach nó go toilteanach don rialtas feidearálach

Gníomh ‘siombalach’ cuid mhór a bhí déanta ag an gcoiste. Ach b'é seo an chéad uair sa stair a ndearna an Chomhdháil iaruachtarán a tharchur le haghaidh cúisimh.

Déanfaidh an tArd-Aighne Merrick Garland a chinneadh féin ar chúisimh mar chuid d’imscrúduithe na Roinne Dlí agus Cirt. Bhí abhcóide speisialta, Jack Smith, ceaptha ag an Ard Aighne, Merrick Garland chun aon chúiseanna i leith Trump agus daoine eile a fhiosrú.

D’fhéadfadh tionchar a bheith ag toradh an imscrúdaithe sin freisin ar an bhféadfar Trump rith arís sa toghchán uachtaránachta sa bhliain 2024.[9]

Comhcheilg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúpla bliain níos déanaí, tháinig beag athrú ar mheon an dream a chreid go raibh comhcheilg mhór mhillteach ag oibriú áit éigin sa rialtas i Meiriceá. In 2024, chreid 25% de dhaonra Mheiriceá gurb iad an FBI a bhí taobh thiar den ionradh in Washington ar an 6 Eanáir 2021.[10][11]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tuairisc (16 Samhain 2022). "‘Tá Meiriceá ag dul i léig’ – fógra déanta ag Donald Trump go bhfuil sé ag seasamh d’uachtaránacht SAM arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-16.
  2. Robert Farley (2021-11-01). "How Many Died as a Result of Capitol Riot?" (en-US). FactCheck.org. Dáta rochtana: 2022-01-06.
  3. 3.0 3.1 Jan Wolfe (2021-08-03). "Four officers who responded to U.S. Capitol attack have died by suicide" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2022-01-06.
  4. Nuacht RTÉ (2021-01-07). "Bua Joe Biden deimhnithe ag polaiteoirí Washington" (as ga). 
  5. "Ruathar ar an gCaipeatól déanta ag drong de lucht tacaíochta Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-12.
  6. Nuacht RTÉ (2021-01-08). ""Aistriú socair cumhachta" á iarraidh ag Trump" (as ga). 
  7. Nuacht RTÉ (2022-07-23). "Achomharc le déanamh ag Bannon" (as ga). 
  8. "Moladh déanta ag coiste comhdhála go gcuirfí ceithre chúis coiriúil i leith Donald Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-20.
  9. Conradh na Gaeilge, Londain (24 Nollaig 2022). "Nuacht Mhall (Luimneach)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-01-01.
  10. Tom Jackman, Scott Clement, Emily Guskin, Spencer S. Hsu (2024-01-08). "A quarter of Americans believe FBI instigated Jan. 6, Post-UMD poll finds" (en-US). Washington Post. Dáta rochtana: 2024-01-25.
  11. Mairéad Ní Nuadháin (19 Eanáir 2024). "Comhchealga agus droch-chaighdeán oideachais – cad a tharla do Mheiriceá?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-25.